+Airteagal 26 Ceart chun tarraingt siar
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.
---+Airteagal 26 7.
---+Airteagal 26 8.
---+Airteagal 26 9.

Airteagal 26 Ceart chun tarraingt siar

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 26 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an tomhaltóir tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa gan aon chúis a thabhairt laistigh de thréimhse 14 lá féilire.

Tosóidh an tréimhse tarraingt siar dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

ón lá a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích; nó

(b) 

ón lá a fhaigheann an tomhaltóir na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha agus an fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21, más déanaí an lá sin ná an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo.

Measfar gur baineadh amach an sprioc-am dá dtagraítear sa chéad fhomhír má sheolann an tomhaltóir an fógra dá dtagraítear i mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), chuig an gcreidiúnaí sula dtéann an sprioc-am sin in éag.

Airteagal 26 2.
Mura bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha agus an fhaisnéis faighte ag an tomhaltóir i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21, rachaidh an tréimhse tarraingt siar in éag, in aon chás, 12 mhí agus 14 lá tar éis an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích. Ní bheidh feidhm aige sin i gcás nár cuireadh an tomhaltóir ar an eolas ar chor ar bith faoina cheart nó faoina ceart chun tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 21(1), an chéad fhomhír, pointe (p).
Airteagal 26 3.
I gcás comhaontú creidmheasa nasctha chun earra a cheannach lena ngabhann polasaí fillte lena n-áirithítear aisíocaíocht iomlán ar feadh tréimhse áirithe is faide ná 14 lá féilire, cuirfear síneadh leis an gceart tarraingt siar chun é a mheaitseáil le fad an pholasaí fillte sin.
Airteagal 26 4.
Más rud é, i gcás comhaontú creidmheasa nasctha, go ndéantar foráil cheana leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme an 19 Samhain 2023 nach féidir cistí a chur ar fáil don tomhaltóir sula dtéann tréimhse shonrach in éag, féadfaidh na Ballstáit, de mhaolú ar mhír 1, foráil a dhéanamh go bhféadfar an tréimhse dá dtagraítear sa mhír sin a laghdú go dtí an fad céanna leis an tréimhse shonrach sin arna iarraidh sin go sainráite ag an tomhaltóir.
Airteagal 26 5.

Má fheidhmíonn an tomhaltóir a cheart nó a ceart chun tarraingt siar, déanfaidh sé nó sí na bearta seo a leanas:

(a) 

fógra a thabhairt don chreidiúnaí i gcomhréir leis an bhfaisnéis a thugann an creidiúnaí de bhun Airteagal 21(1), an chéad fhomhír, pointe (p), ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa laistigh den sprioc-am a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo;

(b) 

an caipiteal a íoc leis an gcreidiúnaí chomh maith leis an ús a fabhraíodh air ón dáta a rinneadh an creidmheas a tharraingt anuas go dtí an dáta a aisíoctar an caipiteal, gan aon mhoill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis dó nó di an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) a sheoladh.

Déanfar an t-ús dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a ríomh ar bhonn an ráta iasachta a comhaontaíodh. Ní bheidh an creidiúnaí i dteideal aon chúitimh eile ón tomhaltóir i gcás tarraingt siar, seachas cúiteamh as aon mhuirear neamh-in-aisíoctha a d’íoc an creidiúnaí le haon chomhlacht riaracháin poiblí.

Airteagal 26 6.
I gcás ina soláthraíonn an creidiúnaí nó tríú páirtí seirbhís choimhdeach a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa, ar bhonn comhaontú idir an tríú páirtí sin agus an creidiúnaí, ní bheidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh seirbhíse coimhdí a thuilleadh má fheidhmíonn an tomhaltóir an ceart chun tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 26 7.
Má tá ceart chun tarraingt siar ag an tomhaltóir faoi mhíreanna 1, 5 agus 6 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagail 6 ná 7 de Threoir 2002/65/CE.
Airteagal 26 8.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag míreanna 1 go 6 den Airteagal seo maidir le comhaontuithe creidmheasa a cheanglaítear le dlí náisiúnta iad a thabhairt i gcrích trí sheirbhísí nótaire, ar choinníoll go ndeimhníonn an nótaire go ráthaítear na cearta dá bhforáiltear faoi Airteagail 10, 11, 20 agus 21 a bheith ag an tomhaltóir.
Airteagal 26 9.
Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’aon riail sa dlí náisiúnta lena mbunaítear tréimhse nach bhféadfar tús a chur le comhlíonadh an chonartha lena linn.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.