|
+Airteagal 26 5. |
Airteagal 26 5.Má fheidhmíonn an tomhaltóir a cheart nó a ceart chun tarraingt siar, déanfaidh sé nó sí na bearta seo a leanas:
(a)
fógra a thabhairt don chreidiúnaí i gcomhréir leis an bhfaisnéis a thugann an creidiúnaí de bhun Airteagal 21(1), an chéad fhomhír, pointe (p), ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa laistigh den sprioc-am a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo;
(b)
an caipiteal a íoc leis an gcreidiúnaí chomh maith leis an ús a fabhraíodh air ón dáta a rinneadh an creidmheas a tharraingt anuas go dtí an dáta a aisíoctar an caipiteal, gan aon mhoill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis dó nó di an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) a sheoladh. Déanfar an t-ús dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a ríomh ar bhonn an ráta iasachta a comhaontaíodh. Ní bheidh an creidiúnaí i dteideal aon chúitimh eile ón tomhaltóir i gcás tarraingt siar, seachas cúiteamh as aon mhuirear neamh-in-aisíoctha a d’íoc an creidiúnaí le haon chomhlacht riaracháin poiblí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|