+Airteagal 30 Ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.

Airteagal 30 Ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.
Ríomhfar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir i gcomhréir leis an bhfoirmle mhatamaiticiúil a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn III. Is ionann é, ar bhonn bliantúil, agus luach reatha na ngealltanas uile (tarraingtí anuas, aisíocaíochtaí agus muirir), a bheidh ann amach anseo nó atá ann cheana, atá comhaontaithe ag an gcreidiúnaí agus an tomhaltóir.
Airteagal 30 2.
Chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh, déanfar costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir a chinneadh, cé is moite d’aon mhuirear is iníoctha ag an tomhaltóir as neamhchomhlíonadh aon cheann dá ghealltanais nó dá gealltanais a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa agus de mhuirir seachas an praghas ceannaigh a bhfuil sé d’oibleagáid air nó uirthi a íoc chun earraí nó seirbhísí a cheannach, cibé acu in airgead tirim nó ar creidmheas a dhéantar an t-idirbheart.

Na costais a bhaineann le cuntas a choinneáil ar bun, ar cuntas é ina dtaifeadtar idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, na costais a bhaineann le modh íocaíochta a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, agus costais eile a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta, áireofar iad i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir mura rud é go bhfuil oscailt an chuntais roghnach agus gur sainaithníodh costais an chuntais go soiléir agus ar leithligh sa chomhaontú creidmheasa, nó in aon chomhaontú eile a tugadh i gcrích leis an tomhaltóir.

Airteagal 30 3.
Déanfar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh bunaithe ar an toimhde go leanfaidh an comhaontú creidmheasa de bheith bailí ar feadh na tréimhse a comhaontaíodh agus go ndéanfaidh an creidiúnaí agus an tomhaltóir a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi na téarmaí agus faoi na dátaí a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa.
Airteagal 30 4.
I gcás comhaontuithe creidmheasa ina bhfuil clásail lena gceadaítear athruithe sa ráta iasachta nó athruithe i muirir áirithe i ráta céatadánach bliantúil an mhuirir lena bhfágtar nach féidir iad a chainníochtú tráth an ríomha, déanfar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh ar an toimhde go leanfaidh an ráta iasachta agus muirir eile de bheith seasta i ndáil leis an leibhéal tosaigh agus go leanfaidh siad de bheith infheidhme go dtí deireadh an chomhaontaithe creidmheasa.
Airteagal 30 5.
I gcás inar gá, úsáidfear na toimhdí breise a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn III agus ráta céatadánach bliantúil an mhuirir á ríomh.

Mura mbeidh na toimhdí a leagtar amach san Airteagal seo agus i gCuid II d’Iarscríbhinn III leordhóthanach chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh ar bhealach aonfhoirmeach nó mura ndéantar iad a oiriúnú a thuilleadh do na staideanna tráchtála ar an margadh, cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an tAirteagal seo agus Cuid II d’Iarscríbhinn III a leasú chun na toimhdí breise is gá a chur isteach chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh nó chun na toimhdí atá ann cheana a mhodhnú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.