+Airteagal 37 Institiúidí nach institiúidí creidmheasa ná institiúidí íocaíochta iad a ligean isteach, a chlárú agus a mhaoirsiú
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.

Airteagal 37 Institiúidí nach institiúidí creidmheasa ná institiúidí íocaíochta iad a ligean isteach, a chlárú agus a mhaoirsiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa faoi réir próiseas leordhóthanach iontrála, faoi réir cláraithe agus faoi réir socruithe maoirseachta arna gcur ar bun ag údarás inniúil neamhspleách.
Airteagal 37 2.

Maidir leis an gceanglas maidir le próiseas leordhóthanach iontrála agus maidir le clárú, ní bheidh feidhm aige maidir le creidiúnaithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

is institiúidí creidmheasa iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b) 

is institiúidí íocaíochta iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366, le haghaidh na seirbhísí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (4), den Treoir sin; nó

(c) 

is institiúidí airgid leictreonaigh iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE, maidir le creidmheas a dheonú dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (b), den Treoir sin.

Airteagal 37 3.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na ceanglais maidir le ligean isteach agus clárú dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le soláthróirí earraí nó soláthraithe seirbhísí a cháilíonn mar mhicrifhiontair, mar fhiontair bheaga agus mar fhiontair mheánmhéide mar a sainmhínítear i Moladh 2003/361/CE, ag gníomhú dóibh mar seo a leanas:

(a) 

idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach; nó

(b) 

creidiúnaithe i gcáil choimhdeach, a dheonaíonn creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha chun earraí agus seirbhísí a thairgeann siad a cheannach, má sholáthraítear an creidmheas saor ó ús agus mura bhfuil ach muirir theoranta iníoctha ag an tomhaltóir as íocaíochtaí déanacha arna bhforchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.