+Airteagal 46 Athbhreithniú agus faireachán
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.

Airteagal 46 Athbhreithniú agus faireachán

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 46 1.

Tabharfaidh an Coimisiún, faoin 20 Samhain 2029 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, faoi mheastóireacht ar an Treoir seo. Áireofar sa mheastóireacht:

(a) 

measúnú i dtaobh an bhfuil raon feidhme na Treorach seo fós iomchuí i ndáil le comhaontuithe creidmheasa a urraítear le maoin dhochorraithe neamhchónaithe;

(b) 

measúnú ar na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 2 (2), pointe (c), agus i gCuid II d’Iarscríbhinn III, agus ar na céatadáin a úsáidtear chun an cúiteamh is iníoctha i gcás aisíocaíocht luath a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 29(2), agus measúnú á dhéanamh orthu i bhfianaise treochtaí eacnamaíocha san Aontas agus staid an mhargaidh lena mbaineann;

(c) 

anailís ar éabhlóid an mhargaidh le haghaidh creidmheasanna tomhaltóirí a thacaíonn leis an aistriú glas agus measúnú ar an ngá atá le bearta breise a bhaineann leis na creidmheasanna sin; agus

(d) 

measúnú ar chur chun feidhme Airteagal 44(1) agus (2), agus go háirithe ar éifeachtacht agus ar éifeacht dhíspreagthach na bpionós arna bhforchur faoin Airteagal sin.

Airteagal 46 2.
Faoin 20 Samhain 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le cosaint a thabhairt do thomhaltóirí atá ag fáil iasachta agus ag infheistiú trí ardáin sluachistiúcháin, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2020/1503, i gcás nach ngníomhaíonn na hardáin sin mar chreidiúnaithe ná mar idirghabhálaithe creidmheasa, ach ina n-éascóidh siad deonú creidmheasa idir tomhaltóirí.
Airteagal 46 3.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán, go háirithe, ar an éifeacht atá ag na roghanna rialála dá dtagraítear in Airteagal 42 ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar thomhaltóirí.
Airteagal 46 4.
Tuairisceoidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta agus an mheasúnaithe dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.