|
+Airteagal 46 1. |
Airteagal 46 1.Tabharfaidh an Coimisiún, faoin 20 Samhain 2029 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, faoi mheastóireacht ar an Treoir seo. Áireofar sa mheastóireacht:
(a)
measúnú i dtaobh an bhfuil raon feidhme na Treorach seo fós iomchuí i ndáil le comhaontuithe creidmheasa a urraítear le maoin dhochorraithe neamhchónaithe;
(b)
measúnú ar na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 2 (2), pointe (c), agus i gCuid II d’Iarscríbhinn III, agus ar na céatadáin a úsáidtear chun an cúiteamh is iníoctha i gcás aisíocaíocht luath a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 29(2), agus measúnú á dhéanamh orthu i bhfianaise treochtaí eacnamaíocha san Aontas agus staid an mhargaidh lena mbaineann;
(c)
anailís ar éabhlóid an mhargaidh le haghaidh creidmheasanna tomhaltóirí a thacaíonn leis an aistriú glas agus measúnú ar an ngá atá le bearta breise a bhaineann leis na creidmheasanna sin; agus
(d)
measúnú ar chur chun feidhme Airteagal 44(1) agus (2), agus go háirithe ar éifeachtacht agus ar éifeacht dhíspreagthach na bpionós arna bhforchur faoin Airteagal sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|