|
+Airteagal 18a 3. |
Airteagal 18a 3.I dteannta na mbeart dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm i dtaca le tríú tíortha ardriosca a shainaithnítear de bhun Airteagal 9(2) i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais:
(a)
diultú fochuideachtaí nó brainsí nó oifigí ionadaíocha d’institiúidí airgeadais eintiteas faoi oibleagáid ón tír lena mbaineann a bhunú, nó go gcuirfí san áireamh ar shlí eile gur as tír nach bhfuil córais leormhaithe AML/CFT aici an t-eintiteas faoi oibleagáid ábhartha;
(b)
toirmeasc a chur ar eintitis faoi oibleagáid brainsí nó oifigí ionadaíocha a bhunú sa tír lena mbaineann, nó go gcuirfí san áireamh ar shlí eile gur i dtír nach bhfuil córais leormhaithe AML/CFT aici a bheadh an brainse ábhartha nó an oifig ionadaíoch;
(c)
scrúdú maoirseachta méadaithe nó ceanglais iniúchóireachta sheachtracha mhéadaithe a cheangal do bhrainsí agus d’fhochuideachtaí eintiteas faoi oibleagáid atá lonnaithe sa tír lena mbaineann;
(d)
ceanglais iniúchóireachta sheachtracha mhéadaithe do ghrúpaí airgeadais maidir le haon cheann dá gcuid brainsí nó fochuideachtaí atá lonnaithe sa tír lena mbaineann.
(e)
a cheangal ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha le hinstitiúidí freagróra sa tír lena mbaineann, nó más gá sin, iad a fhoirceannadh; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|