+Airteagal 44
---+Airteagal 44 1.
---+Airteagal 44 2.
---+Airteagal 44 3.
---+Airteagal 44 4.

Airteagal 44

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 44 1.
Áiritheoidh na Ballstáit, chun críocha rannchuidiú leis an ullmhúchán a bhaineann le measúnú riosca de bhun Airteagal 7, go bhfuil siad in ann athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht a gcórais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac trí staidreamh cuimsitheach a choimeád ar ábhair is ábhartha d’éifeachtúlacht na gcóras sin.
Airteagal 44 2.

Áireofar ar an staidreamh dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

sonraí a thomhaiseann méid agus tábhacht na n-earnálacha éagsúla a thagann laistigh de raon feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear líon na ndaoine nádúrtha agus na n-eintiteas agus tábhacht eacnamaíoch gach earnála;

(b) 

sonraí lena ndéantar céimeanna tuairiscithe, imscrúdaithe agus breithiúnacha an chórais AML/CFT náisiúnta a thomhas, lena n-áirítear líon na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha a thugtar don FIU, an obair leantach ar na tuairiscí sin agus, ar bhonn bliantúil, líon na gcásanna a imscrúdaítear, líon na ndaoine a ionchúisítear, líon na ndaoine a chiontaítear i leith cionta i gcás sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, na cineálacha cionta preideacáide, i gcás go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil, agus luach in euro na maoine atá reoite, urghafa nó coigistithe;

(c) 

má tá siad ar fáil, sonraí lena sainaithnítear líon agus céatadán na dtuarascálacha a mbíonn imscrúdú breise mar thoradh orthu, in éineacht leis an tuarascáil bhliantúil chuig eintitis faoi oibleagáid ina dtugtar mionsonraí ar úsáideacht na dtuarascálacha agus ar obair leantach a dhéantar ar na tuarascálacha a thíolaic siad;

(d) 

sonraí maidir le líon na n-arrataí trasteorann ar fhaisnéis a rinne, a fuair agus a dhiúltaigh an FIU agus a d’fhreagair siad go páirteach nó go hiomlán, arna miondealú de réir tír chontrapháirtí;

(e) 

na hacmhainní daonna arna leithdháileadh ar na húdaráis inniúla atá freagrach as AML/CFT a mhaoirsiú chomh maith le hacmhainní daonna arna leithdháileadh ar an FIU chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 32 a dhéanamh;

(f) 

líon na ngníomhaíochtaí maoirseachta ar an láthair agus lasmuigh den láthair, líon na sáruithe a sainaithníodh ar bhonn na ngníomhaíochtaí maoirseachta agus na smachtbhannaí/na mbeart riaracháin a chuir na húdaráis mhaoirseachta i bhfeidhm.

Airteagal 44 3.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar athbhreithniú comhdhlúite ar a gcuid staidreamh a fhoilsiú ar bhonn bliantúil.
Airteagal 44 4.
Cuirfidh na Ballstáit an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 ar fáil go bliantúil don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ina mbeidh achoimre agus míniú ar an staidreamh dá dtagraítear i mír 2, ar tuarascáil í a chuirfear ar fáil ar a láithreán gréasáin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015L0849
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.