|
+Airteagal 44 2. |
Airteagal 44 2.Áireofar ar an staidreamh dá dtagraítear i mír 1:
(a)
sonraí a thomhaiseann méid agus tábhacht na n-earnálacha éagsúla a thagann laistigh de raon feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear líon na ndaoine nádúrtha agus na n-eintiteas agus tábhacht eacnamaíoch gach earnála;
(b)
sonraí lena ndéantar céimeanna tuairiscithe, imscrúdaithe agus breithiúnacha an chórais AML/CFT náisiúnta a thomhas, lena n-áirítear líon na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha a thugtar don FIU, an obair leantach ar na tuairiscí sin agus, ar bhonn bliantúil, líon na gcásanna a imscrúdaítear, líon na ndaoine a ionchúisítear, líon na ndaoine a chiontaítear i leith cionta i gcás sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, na cineálacha cionta preideacáide, i gcás go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil, agus luach in euro na maoine atá reoite, urghafa nó coigistithe;
(c)
má tá siad ar fáil, sonraí lena sainaithnítear líon agus céatadán na dtuarascálacha a mbíonn imscrúdú breise mar thoradh orthu, in éineacht leis an tuarascáil bhliantúil chuig eintitis faoi oibleagáid ina dtugtar mionsonraí ar úsáideacht na dtuarascálacha agus ar obair leantach a dhéantar ar na tuarascálacha a thíolaic siad;
(d)
sonraí maidir le líon na n-arrataí trasteorann ar fhaisnéis a rinne, a fuair agus a dhiúltaigh an FIU agus a d’fhreagair siad go páirteach nó go hiomlán, arna miondealú de réir tír chontrapháirtí;
(e)
na hacmhainní daonna arna leithdháileadh ar na húdaráis inniúla atá freagrach as AML/CFT a mhaoirsiú chomh maith le hacmhainní daonna arna leithdháileadh ar an FIU chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 32 a dhéanamh;
(f)
líon na ngníomhaíochtaí maoirseachta ar an láthair agus lasmuigh den láthair, líon na sáruithe a sainaithníodh ar bhonn na ngníomhaíochtaí maoirseachta agus na smachtbhannaí/na mbeart riaracháin a chuir na húdaráis mhaoirseachta i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|