+Airteagal 57a
---+Airteagal 57a 1.
---+Airteagal 57a 2.
---+Airteagal 57a 3.
---+Airteagal 57a 4.
---+Airteagal 57a 5.
|
Airteagal 57a
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 57a 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh gach duine a oibríonn don nó a d’oibrigh don údaráis inniúil a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhréir leis an Treoir seo agus iniúchóirí nó saineolaithe a fheidhmíonn thar ceann údaráis inniúla den sórt sin go mbeidh siad faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, ní fhéadfar faisnéis faoi rún a fhaigheann na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhmiú a ndualgas faoin Treoir seo dóibh a nochtadh ach amháin mar achoimre nó i bhfoirm chomhiomlánaithe, ar shlí a fhágfaidh nach féidir institiúidí creidmheasa agus airgeadais aonair a shainaithint.
|
|
Airteagal 57a 2.
|
Ní chuirfidh mír 1 cosc ar mhalartú faisnéise idir:
(a)
údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais laistigh de Bhallstát i gcomhréir leis an Treoir seo nó gníomhartha reachtacha eile a bhaineann le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais;
(b)
údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais laistigh de Bhallstáit éagsúla i gcomhréir leis an Treoir seo nó le gníomhartha reachtacha eile a bhaineann le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) ag gníomhú dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 1024/2013 ón gComhairle (
*1
). Beidh an malartú faisnéise sin faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a luaitear i mír 1.
Faoin 10 Eanáir 2019, déanfaidh na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhréir leis an Treoir seo agus an BCE, ag gníomhú dó de bhun Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus de bhun phointe (g) den chéad fhomhír d’Airteagal 56 de Threoir 2013/36AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*2
), le tacaíocht na nÚdarás Maoirseachta Eorpacha, comhaontú a chur i gcrích ar na modúlachtaí praiticiúla chun faisnéis a mhalartú.
|
|
Airteagal 57a 3.
|
Údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais a fhaigheann faisnéis rúnda amhail dá dtagraítear i mír 1, bainfidh siad feidhm as an bhfaisnéis sin:
(a)
i gcomhlíonadh a ndualgas faoin Treoir seo nó faoi ghníomhartha reachtacha eile i réimse AML/CFT, na rialála stuamachta agus na maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais, lena n-áirítear smachtbhannú;
(b)
in achomharc i gcoinne cinneadh de chuid an údaráis inniúil a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais, lena n-áirítear imeachtaí cúirte;
(c)
in imeachtaí cúirte a thionscnaítear de bhun forálacha speisialta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais arna ghlacadh i réimse na Treorach seo nó i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais.
|
|
Airteagal 57a 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhar le chéile chun críocha na Treorach seo a mhéid is féidir, beag beann ar a gcineál nó a stádas atá acu faoi seach. Áirítear leis freisin an cumas comhar den sórt sin a dhéanamh, laistigh de chumhachtaí an údaráis inniúil iarrtha, fiosrúchán a dhéanamh thar ceann údarás inniúil iarrthach, agus i malartú na faisnéise ina dhiaidh sin a fuarthas trí imscrúduithe den sórt sin.
|
|
Airteagal 57a 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt dá n-údaráis náisiúnta inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích a dhéanann foráil maidir le comhar agus malartú faisnéise rúnda leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha arb ionann a gcontrapháirteanna agus na húdaráis náisiúnta inniúla sin. Déanfar comhaontuithe comhair den sórt sin a thabhairt i gcrích ar bhonn na cómhalartachta agus ní dhéanfar é sin ach amháin má tá an fhaisnéis a nochtfar faoi réir cheanglais rúndachta gairmiúla atá comhionann ar a laghad leis sin dá dtagraítear i mír 1. Bainfear feidhm as an bhfaisnéis rúnda a malartaíodh de réir na gcomhaontuithe comhair sin chun críche cúram maoirseoireachta na n-údarás sin a chomhlíonadh. I gcás ina dtionscnaíonn an fhaisnéis arna malartú i mBallstát eile, ní dhéanfar í a nochtadh gan toiliú sainráite an údaráis inniúil a chomhroinn í agus, i gcás inarb iomchuí, chun na gcríoch ar thug an t-údarás sin a thoiliú dóibh agus chun na gcríoch sin amháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015L0849
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|