|
+Airteagal 57a 2. |
Airteagal 57a 2.Ní chuirfidh mír 1 cosc ar mhalartú faisnéise idir:
(a)
údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais laistigh de Bhallstát i gcomhréir leis an Treoir seo nó gníomhartha reachtacha eile a bhaineann le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais;
(b)
údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais laistigh de Bhallstáit éagsúla i gcomhréir leis an Treoir seo nó le gníomhartha reachtacha eile a bhaineann le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) ag gníomhú dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 1024/2013 ón gComhairle ( *1 ). Beidh an malartú faisnéise sin faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a luaitear i mír 1. Faoin 10 Eanáir 2019, déanfaidh na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhréir leis an Treoir seo agus an BCE, ag gníomhú dó de bhun Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus de bhun phointe (g) den chéad fhomhír d’Airteagal 56 de Threoir 2013/36AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 ), le tacaíocht na nÚdarás Maoirseachta Eorpacha, comhaontú a chur i gcrích ar na modúlachtaí praiticiúla chun faisnéis a mhalartú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|