+Airteagal 57b
---+Airteagal 57b 1.
---+Airteagal 57b 2.
---+Airteagal 57b 3.

Airteagal 57b

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 57b 1.
D’ainneoin Airteagal 57a (1) agus (3) agus gan dochar d’Airteagal 34(2), féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla, sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit éagsúla, idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis ar cuireadh ar a n-iontaoibh maoirseacht a dhéanamh ar eintitis na hearnála airgeadais agus ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla amhail dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 2(1) agus na húdaráis atá freagrach le dlí as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna maoirseachta faoi seach.

Beidh an fhaisnéis a fhaightear, in aon chás, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach ar a laghad leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 57a(1).

Airteagal 57b 2.
D’ainneoin Airteagal 57a(1) agus (3), féadfaidh na Ballstáit, de bhua fhorálacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta, údarú a thabhairt faisnéis áirithe a nochtadh leis na húdaráis náisiúnta eile atá freagrach le dlí as maoirseacht a dhéanamh ar na margaí airgeadais, nó ag a mbeidh freagrachtaí ainmnithe i réimse sciúradh airgid, na cionta preideacáide bainteacha nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac nó a imscrúdú.

Mar sin féin, ní bhainfear feidhm as an bhfaisnéis rúnda a malartaíodh de réir an mhír 2 seo ach amháin chun críche cúraimí dlíthiúla na n-údarás lena mbaineann a chomhlíonadh. Beidh daoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis sin faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach ar a laghad leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 57a(1).

Airteagal 57b 3.

Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt go nochtfar faisnéis áirithe maidir le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhréir leis an Treoir seo do choistí fiosrúcháin Parlaiminteacha, do chúirteanna iniúchóirí agus d’eintitis eile atá i gceannas ar fhiosrúcháin, ina mBallstát, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil sainordú beacht faoin dlí náisiúnta ag na heintitis chun imscrúdú nó grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí creidmheasa sin nó as dlíthe maidir le maoirseacht den sórt sin;

(b) 

go bhfuil dianghá leis an bhfaisnéis chun an sainordú dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhlíonadh;

(c) 

go bhfuil na daoine a mbeidh rochtain acu ar an bhfaisnéis faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil faoin dlí náisiúnta atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 57a (1);

(d) 

i gcás ina dtionscnaíonn an fhaisnéis i mBallstát eile, nach ndéanfar í a nochtadh gan toiliú sainráite na n-údarás inniúil a nocht í agus, chun na gcríoch amháin ar thug na húdaráis sin a dtoiliú dóibh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015L0849
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.