|
+Airteagal 21a 4a. |
Airteagal 21a 4a.Gan dochar do mhír 4, féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe cead a thabhairt, ar bhonn cás ar chás, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá díolmhaithe ó fhormheas a eisiamh ón imlíne chomhdhlúthaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ní dhéanann an t-eisiamh difear d’éifeachtacht na maoirseachta ar an bhfo-institiúid creidmheasa ná ar an ngrúpa;
(b)
níl aon neamhchosaintí ar chothromas ag an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais nó ag an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha cé is moite den neamhchosaint ar chothromas san fho-institiúid creidmheasa nó sa mháthairchuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a rialaíonn an fho-institiúid creidmheasa;
(c)
ní théann an chuideachta sealbhaíochta airgeadais ná an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha go mór ar iontaoibh an luamhánaithe agus níl neamhchosaintí aici nach mbaineann lena húinéireacht ar an bhfo-institiúid creidmheasa ná ar an máthairchuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó ar an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a rialaíonn an fho-institiúid creidmheasa. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|