+Airteagal 21a Cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas
---+Airteagal 21a 1.
---+Airteagal 21a 2.
---+Airteagal 21a 3.
---+Airteagal 21a 4.
---+Airteagal 21a 4a.
---+Airteagal 21a 5.
---+Airteagal 21a 6.
---+Airteagal 21a 7.
---+Airteagal 21a 8.
---+Airteagal 21a 9.
---+Airteagal 21a 10.

Airteagal 21a Cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21a 1.
Máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, féachfaidh siad le formheas a fháil i gcomhréir leis an Airteagal seo. Féachfaidh cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha eile le formheas a lorg i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar gá dóibh an Treoir seo nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh ar bhonn fo-chomhdhlúite nó i gcás ina n-ainmnítear iad mar chuideachtaí atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh an grúpa ceanglais stuamachta ar bhonn comhdhlúite dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), den Airteagal seo.

Déanfaidh na húdaráis inniúla, ar bhonn tráthrialta, agus in aon chás ar bhonn bliantúil, athbhreithniú ar mháthairghnóthais institiúide chun a fhíorú an ndearna an institiúid sin, an t-eintiteas a iarrann údarú de bhun Airteagal 8, nó an t-eintiteas a ainmníodh mar eintiteas atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann an grúpa ceanglais stuamachta ar bhonn comhdhlúite (“an t-eintiteas ainmnithe”), an ndearna aon cheann acu sin aon ghnóthas a shainaithint i gceart ar gnóthas é a chomhlíonann na critéir le go measfar é mar mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, mar mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, mar mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE nó mar mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE.

Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, i gcás ina bhfuil na máthairghnóthais lonnaithe i mBallstáit eile seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid, an t-eintiteas a iarrann údarú de bhun Airteagal 8 nó an t-eintiteas ainmnithe bunaithe, oibreoidh údaráis inniúla na mBallstát sin i ndlúthchomhar le chéile chun an t-athbhreithniú a dhéanamh.

Déanfaidh na húdaráis inniúla liosta de chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha ar formheasadh iad nó atá díolmhaithe ó fhormheas sa Bhallstát a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil i gcomhréir leis an Airteagal seo. I gcás inar deonaíodh díolúine ó fhormheas, léireofar sa liosta an t-eintiteas ainmnithe freisin.

Airteagal 21a 2.

Chun críocha mhír 1, cuirfidh cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha dá dtagraítear inti an fhaisnéis a leanas ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe agus, i gcás nach ionann iad, don údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil siad lonnaithe:

(a) 

struchtúr eagraíochtúil an ghrúpa a bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar chuid de, ina sonraítear go soiléir na fochuideachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, na máthairghnóthais, agus suíomh agus cineál na gníomhaíochta a dhéanann gach ceann de na heintitis laistigh den ghrúpa;

▼M11

(b) 

faisnéis maidir le hainmniúchán beirte, ar a laghad, arb iad a dhéanann an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a stiúradh agus maidir leis na critéir agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 91(1) a bheith á gcomhlíonadh;

▼M5

(c) 

faisnéis maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 14 i ndáil le scairshealbhóirí agus comhaltaí, i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa ag an gcuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag an gcuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar fhochuideachta;

(d) 

eagrúchán inmheánach agus dáileadh na gcúraimí laistigh den ghrúpa;

(e) 

aon fhaisnéis eile a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun an measúnú dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a dhéanamh.

I gcás ina dtugtar formheas nó díolúine ó fhormheas maidir le cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo i gcomhthráth leis an measúnú a dhéantar de bhun Airteagal 8, 22 nó 27a, déanfaidh an t-údarás inniúil, chun críocha na nAirteagal sin, de réir mar is iomchuí, comhordú leis an maoirseoir comhdhlúthaithe agus, más éagsúil, leis an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe. Cuirfear an tréimhse mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2), an dara fomhír, nó in Airteagal 27a (6) ar fionraí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo curtha i gcrích.

Airteagal 21a 3.

Ní fhéadfar cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas de bhun an Airteagail seo ach amháin i gcás ina bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a) 

tá socruithe agus dáileadh inmheánach na gcúraimí laistigh den ghrúpa leordhóthanach chun críocha na ceanglais a fhorchuirtear faoin Treoir seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúithe agus, go háirithe, tá éifeacht acu maidir leis an méid a leanas:

(i) 

gach fochuideachta de chuid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a chomhordú, lena n-áirítear, i gcás inar gá, trí dháileadh leordhóthanach na gcúraimí i measc fo-institiúidí;

(ii) 

coinbhleachtaí idirghrúpa a chosc nó a bhainistiú; agus

(iii) 

na beartais uile-ghrúpa arna leagan síos ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhorfheidhmiú ar fud an ghrúpa;

(b) 

ní chuireann struchtúr eagraíochtúil an ghrúpa a bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar chuid de, bac ar stiúradh éifeachtach na bhfo-institiúidí nó na máthairinstitiúídí i dtaca leis na hoibleagáidí aonair, comhdhlúite agus, i gcás inarb iomchuí, fo-chomhdhlúite a bhfuil siad faoina réir, ná ní dhéanann sé an méid sin a chosc ar bhealach eile. Leis an measúnú ar an gcritéar sin, cuirfear an méid a leanas san áireamh, go háirithe:

(i) 

suíomh na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i ngrúpa ilsrathach;

(ii) 

struchtúr na scairshealbhóireachta; agus

(iii) 

ról na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha laistigh den ghrúpa;

▼M11

(c) 

go gcomhlíontar na critéir maidir le scairshealbhóirí agus comhaltaí institiúidí creidmheasa a leagtar amach in Airteagal 14 agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 121.

▼M5

Airteagal 21a 4.

►M11  Féadfaidh an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha díolúine a lorg ó fhormheas faoin Airteagal seo, agus deonófar an díolúine sin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: ◄

(a) 

is é príomhghníomhaíocht na cuideachta sealbhaíochta airgeadais sealúchais a fháil i bhfochuideachtaí nó, i gcás cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, is é an phríomhghníomhaíocht atá aici i dtaca le hinstitiúidí nó institiúidí airgeadais sealúchais i bhfochuideachtaí a fháil;

(b) 

níor ainmníodh an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar eintitis réitigh in aon cheann de ghrúpaí réitigh an ghrúpa i gcomhréir leis an straitéis réitigh arna chinneadh ag an údarás réitigh ábhartha de bhun Threoir 2014/59/AE;

▼M11

(c) 

go n-ainmnítear fo-institiúid creidmheasa nó fochuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a formheasadh i gcomhréir leis an Airteagal seo mar fhochuideachta atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann an grúpa ceanglais stuamachta ar bhonn comhdhlúite agus go dtugtar di na hacmhainní agus an t-údarás dlíthiúil ar fad is gá chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach;

▼M5

(d) 

níl an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha rannpháirteach i gcinntí bainistithe, oibríochtúla nó airgeadais a bhfuil tionchar acu ar an ngrúpa a dhéanamh nó a bhfuil tionchar acu ar a fhochuideachtaí atá ina n-institiúidí nó ina n-institiúidí airgeadais;

(e) 

níl aon bhac ar mhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an ngrúpa ar bhonn comhdhlúite.

Cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha arna ndíolmhú óna bhformheas i gcomhréir leis an mír seo, ní dhéanfar iad a eisiamh ón imlíne chomhdhlúthaithe mar a leagtar síos í sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 21a 4a.

Gan dochar do mhír 4, féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe cead a thabhairt, ar bhonn cás ar chás, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá díolmhaithe ó fhormheas a eisiamh ón imlíne chomhdhlúthaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ní dhéanann an t-eisiamh difear d’éifeachtacht na maoirseachta ar an bhfo-institiúid creidmheasa ná ar an ngrúpa;

(b) 

níl aon neamhchosaintí ar chothromas ag an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais nó ag an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha cé is moite den neamhchosaint ar chothromas san fho-institiúid creidmheasa nó sa mháthairchuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a rialaíonn an fho-institiúid creidmheasa;

(c) 

ní théann an chuideachta sealbhaíochta airgeadais ná an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha go mór ar iontaoibh an luamhánaithe agus níl neamhchosaintí aici nach mbaineann lena húinéireacht ar an bhfo-institiúid creidmheasa ná ar an máthairchuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó ar an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a rialaíonn an fho-institiúid creidmheasa.

Airteagal 21a 5.
Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe faireachán ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3 nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 4 ar bhonn leanúnach. Cuirfidh cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha an fhaisnéis atá riachtanach ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe atá ag teastáil uaidh nó uaithi chun faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar struchtúr eagraíochtúil an ghrúpa agus comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3 nó, i gcás inarb infheidhme, mír 4. Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an fhaisnéis sin a chomhroinnt leis an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe.
Airteagal 21a 6.
I gcás inar chinn an maoirseoir comhdhlúthaithe nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi réir bearta maoirseachta iomchuí chun leanúnachas agus sláine na maoirseachta comhdhlúite agus comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áirithiú nó a thabhairt ar ais, de réir mar a bheidh, ar bhonn comhdhlúite. I gcás cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, cuirfear san áireamh sna bearta maoirseachta, go háirithe, an tionchar ar an ilchuideachta airgeadais.

Féadfar an méid seo a leanas a bheith san áireamh, go háirithe, sna bearta maoirseachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

feidhmiú na gceart vótála a bhaineann le scaireanna na bhfo-institiúidí atá i seilbh na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a chur ar fionraí;

(b) 

eisiúint urghairí nó pionós i gcoinne na cuideachta sealbhaíochta airgeadais, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus bainisteoirí faoi réir Airteagail 65 go 72;

(c) 

treoracha a thabhairt don chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó don chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha na rannpháirtíochtaí ina cuid fo-institiúidí a aistriú chuig a scairshealbhóirí;

(d) 

ar bhonn sealadach, cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó institiúid eile laistigh den ghrúpa a ainmniú le bheith freagrach as comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite a áirithiú;

(e) 

srian nó toirmeasc a chur ar dháileacháin nó íocaíochtaí úis do scairshealbhóirí;

(f) 

a cheangal ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha dhífheistiú ó institiúidí nó eintitis eile in earnáil an airgeadais nó a sealúchas iontu a laghdú;

(g) 

a cheangal ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha plean a thíolacadh gan mhoill chun filleadh ar chomhlíonadh.

Airteagal 21a 7.
I gcás ina gcinneann an maoirseoir comhdhlúthaithe nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 á gcomhlíonadh a thuilleadh, iarrfaidh an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha formheas i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 21a 8.
►M11  I gcás nach ionann an maoirseoir comhdhlúthaithe agus an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe, oibreoidh an dá údarás le chéile i gcomhairliúchán iomlán chun cinntí a dhéanamh maidir le formheas, díolúine ó fhormheas agus eisiamh ón imlíne chomhdhlúthaithe dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 4a, agus maidir leis na bearta maoirseachta dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7. Ullmhóidh an maoirseoir comhdhlúthaithe measúnú ar na hábhair dá dtagraítear i míreanna 3, 4, 4a, 6 agus 7, de réir mar is infheidhme, agus cuirfidh sé an measúnú sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe. Déanfaidh an dá údarás gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach laistigh de 2 mhí ón dáta a bhfaightear an measúnú sin. ◄

I gcás ina ndéantar cinneadh comhpháirteach agus nach ionann an maoirseoir comhdhlúthaithe agus an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe, cuirfear an cinneadh comhpháirteach chun feidhme freisin nó, i gcás ina gceadaítear é faoin dlí náisiúnta, beidh feidhm aige go díreach sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe.

Déanfar an cinneadh comhpháirteach a dhoiciméadú agus a réasúnú go cuí. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh comhpháirteach in iúl don chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó don chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha.

I gcás easaontais, staonfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe nó an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe ó chinneadh a dhéanamh agus cuirfidh sé an t-ábhar faoi bhráid ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE a chinneadh laistigh de 1 mhí amháin tar éis do ÚBE an t-ábhar a fháil. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann cinneadh comhpháirteach a ghlacadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse 2 mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.

Airteagal 21a 9.
I gcás cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, i gcás inarb éagsúil an maoirseoir comhdhlúthaithe, nó an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe ón gcomhordaitheoir arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2002/87/CE, beidh comhaontú an chomhordaitheora ag teastáil chun críche cinntí nó cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i míreanna 3, 4, 6 agus 7 den Airteagal seo, de réir mar is infheidhme. I gcás ina dteastaíonn comhaontú an chomhordaitheora, is é an tÚdarás ábhartha Maoirseachta Eorpach a réiteoidh aon easaontas — amhail ÚBE nó an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (EIOPA), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), agus glacfaidh sé a chinneadh laistigh de 1 mhí amháin ó chuirfear an t-easaontas faoina mbráid. Beidh aon chinneadh a dhéantar i gcomhréir leis an mír seo gan dochar do na hoibleagáidí faoi Threoir 2002/87/CE nó faoi Threoir 2009/138/CE.
Airteagal 21a 10.
►M11  I gcás ina ndiúltaítear cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas de bhun an Airteagail seo, nó ina ndiúltaítear díolúine ón bhformheas sin, tabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe fógra don iarratasóir faoin gcinneadh agus na cúiseanna a bhaineann leis laistigh de 4 mhí tar éis dó an t-iarratas a fháil, nó i gcás ina bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, laistigh de 4 mhí ón dáta a bhfaightear an fhaisnéis iomlán is gá chun an cinneadh a dhéanamh. ◄

I ngach cás, déanfar cinneadh maidir le formheas a cheadú nó a dhiúltú laistigh de 6 mhí ón iarratas a fháil. Féadfaidh aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 6 a bheith ag gabháil leis an diúltú, sa chás inar gá.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.