+Airteagal 27a Fógra a thabhairt faoin éadáil agus measúnú a dhéanamh air
---+Airteagal 27a 1.
---+Airteagal 27a 2.
---+Airteagal 27a 3.
---+Airteagal 27a 4.
---+Airteagal 27a 5.
---+Airteagal 27a 6.
---+Airteagal 27a 7.
---+Airteagal 27a 8.
---+Airteagal 27a 9.
---+Airteagal 27a 10.
---+Airteagal 27a 11.
---+Airteagal 27a 12.
---+Airteagal 27a 13.
---+Airteagal 27a 14.
---+Airteagal 27a 15.

Airteagal 27a Fógra a thabhairt faoin éadáil agus measúnú a dhéanamh air

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27a 1.
Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí, agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) (“an faighteoir féideartha”) fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil i scríbhinn roimh ré i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu sealúchas ábharach a fháil, go díreach nó go hindíreach (“an éadáil atá á beartú”). Tabharfar le fios san fhógra méid na héadála atá á beartú agus an fhaisnéis ábhartha, mar a shonraítear in Airteagal 27b(5).
Airteagal 27a 2.
Chun críocha mhír 1, measfar sealúchas a bheith ábharach i gcás inarb ionann é agus 15 % a laghad, nó níos mó, de chaipiteal incháilithe an fhaighteora fhéideartha.
Airteagal 27a 3.
Chun críocha mhír 1, i gcás inar institiúid é an faighteoir féideartha, beidh feidhm ag an tairseach dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn aonair agus ar bhonn chás comhdhlúite an ghrúpa araon. I gcás nach sáraítear an tairseach dá dtagraítear i mír 2 ach ar bhonn aonair, tabharfaidh an faighteoir féideartha fógra don údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe. Déanfaidh an t-údarás inniúil sin measúnú ar an éadáil atá á beartú. I gcás ina sáraítear an tairseach sin ar bhonn aonair agus ar bhonn chás comhdhlúite an ghrúpa, tabharfaidh an ceannaitheoir féideartha fógra don mhaoirseoir comhdhlúthaithe freisin. Déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe sin measúnú ar an éadáil atá á beartú freisin.
Airteagal 27a 4.
I gcás inar cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) é an faighteoir féideartha, beidh feidhm ag an tairseach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn an cháis chomhdhlúite, agus is é an maoirseoir comhdhlúthaithe a bheidh ina údarás inniúil chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 27a 5.
Admhóidh an t-údarás inniúil, i scríbhinn, go bhfuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 1 nó aon fhaisnéis bhreise i gcomhréir le mír 9 agus in aon cháslaistigh de 10 lá oibre tar éis an fógra nó an fhaisnéis bhreise a fháil.
Airteagal 27a 6.
Beidh 60 lá oibre ag an údarás inniúil ón dáta a admhaítear an fógra i scríbhinn agus ón dáta a fhaightear na doiciméid uile, lena n-áirítear na doiciméid sin a cheanglaíonn an Ballstát a chur leis an bhfógra i gcomhréir le hAirteagal 27b(5) (“an tréimhse mheasúnaithe”) chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) a dhéanamh.

I gcás ina mbaineann an éadáil atá á beartú le sealúchas cáilitheach in institiúid creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 22(1), beidh an faighteoir féideartha fós faoi réir an cheanglais fógra a thabhairt agus faoi réir an mheasúnaithe faoin Airteagal sin freisin. Sa chás sin, an t-am don údarás inniúil chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 22(2) araon a dhéanamh, ní rachaidh sé in éag ach amháin nuair a rachaidh an measúnú is déanaí den dá thréimhse mheasúnaithe ábhartha in éag.

Airteagal 27a 7.
I gcás inar idir eintitis den ghrúpa céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó idir eintitis laistigh den scéim cosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) den Rialachán sin atá an éadáil sealúchais ábharaigh atá á beartú le déanamh, ní cheanglófar ar an údarás inniúil an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) den Treoir seo a dhéanamh.
Airteagal 27a 8.
Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir féideartha ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse measúnaithe tráth a admhaíonn sé go bhfuil an fógra faighte dá dtagraítear i mír 5.
Airteagal 27a 9.
Féadfaidh an t-údarás inniúil, le linn na tréimhse measúnaithe, i gcás inar gá, agus in aon chás tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse mheasúnaithe, faisnéis bhreise a iarraidh, ar faisnéis í is gá chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) a dhéanamh. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá inti.
Airteagal 27a 10.
Cuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí idir an dáta a iarrann an t-údarás inniúil an fhaisnéis bhreise agus an dáta a fhaightear freagra ón bhfaighteoir féideartha ar an iarraidh, freagra ina soláthrófar an fhaisnéis ar fad a iarradh. Ní bheidh an fhionraí sin níos faide ná 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó soiléiriú na faisnéise a soláthraíodh ach ní chuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí dá mbarr.
Airteagal 27a 11.

Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh suas le 30 lá oibre ar a mhéid a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear i mír 10 sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil an t-eintiteas atá á fháil suite i dtríú tír, nó ina bhfuil sé faoi réir creat rialála tríú tír;

(b) 

i gcás inar gá faisnéis a mhalartú leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfaighteoir féideartha i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) den Treoir seo a dhéanamh.

Airteagal 27a 12.
I gcás ina ndéantar an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a fhormheas faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) i gcomhthráth leis an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1), déanfaidh an t-údarás inniúil, chun críocha Airteagal 21a(1), de réir mar is iomchuí, comhordú leis an maoirseoir comhdhlúthúcháin agus, más éagsúil, leis an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe. Sa chás sin, cuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 21a curtha i gcrích.
Airteagal 27a 13.
I gcás ina ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh chun cur i gcoinne na héadála atá á beartú, cuirfidh sé an faighteoir féideartha ar an eolas faoi i scríbhinn, agus na cúiseanna a bhí aige lena chur i gcoinne á soláthar, laistigh de 2 lá oibre ón measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) a chríochnú agus roimh dheireadh na tréimhse measúnaithe.
Airteagal 27a 14.
I gcás nach gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne na héadála atá á beartú i scríbhinn laistigh den tréimhse mheasúnaithe, measfar an ceannach atá á bheartú a bheith formheasta.
Airteagal 27a 15.
Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil atá á beartú a dhéanamh agus síneadh a chur léi, i gcás inarb iomchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.