|
+Airteagal 27b 1. |
Airteagal 27b 1.Agus measúnú á dhéanamh acu ar an bhfógra faoin éadáil atá á beartú dá bhforáiltear in Airteagal 27a(1) agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27a(9), déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar a ionchasaí atá sé go ndéanfaidh an faighteoir féideartha bainistíocht fhónta stuama agus, go háirithe, ar na rioscaí a bhfuil an faighteoir féideartha neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu tar éis na héadála atá á beartú, i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
(a)
an mbeidh an faighteoir féideartha in ann na ceanglais stuamachta a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás inarb infheidhme, i ngníomhartha eile dlí de chuid an Aontais, a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh nó nach mbeidh;
(b)
an bhfuil forais réasúnta ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 ar bun i ndáil leis an éadáil atá á beartú nó go bhfuil iarracht air ar bun, nó go bhféadfadh an éadáil atá á beartú an riosca sin a mhéadú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|