+Airteagal 27b Critéir mheasúnaithe
---+Airteagal 27b 1.
---+Airteagal 27b 2.
---+Airteagal 27b 3.
---+Airteagal 27b 4.
---+Airteagal 27b 5.
---+Airteagal 27b 6.
---+Airteagal 27b 7.
|
Airteagal 27b Critéir mheasúnaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27b 1.
|
Agus measúnú á dhéanamh acu ar an bhfógra faoin éadáil atá á beartú dá bhforáiltear in Airteagal 27a(1) agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27a(9), déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar a ionchasaí atá sé go ndéanfaidh an faighteoir féideartha bainistíocht fhónta stuama agus, go háirithe, ar na rioscaí a bhfuil an faighteoir féideartha neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu tar éis na héadála atá á beartú, i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
(a)
an mbeidh an faighteoir féideartha in ann na ceanglais stuamachta a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás inarb infheidhme, i ngníomhartha eile dlí de chuid an Aontais, a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh nó nach mbeidh;
(b)
an bhfuil forais réasúnta ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 ar bun i ndáil leis an éadáil atá á beartú nó go bhfuil iarracht air ar bun, nó go bhféadfadh an éadáil atá á beartú an riosca sin a mhéadú.
|
|
Airteagal 27b 2.
|
Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle, i gcomhthéacs a fhíoraithe, leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfaighteoir féideartha i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.
|
|
Airteagal 27b 3.
|
Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil cur i gcoinne na héadála atá á beartú ach amháin má tá forais réasúnta ann lena dhéanamh ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, nó mura bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn an faighteoir féideartha críochnúil, d’ainneoin iarraidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27a(9). Chun críocha na míre seo agus maidir leis an gcritéar a leagtar amach i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis inniúla tuairim dhiúltach ó na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfaighteoir féideartha i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849, tuairim a gheobhaidh na húdaráis inniúla laistigh de 30 lá oibre ón iarraidh tosaigh, a chur san áireamh go cuí agus measúnú á dhéanamh acu ar an éadáil atá á beartú, agus féadfaidh sí a bheith ina foras réasúnta le cur i gcoinne.
|
|
Airteagal 27b 4.
|
Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon réamhchoinníoll maidir le leibhéal na héadála atá á beartú ná ní cheadóidh siad don údarás inniúil an éadáil atá á beartú a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.
|
|
Airteagal 27b 5.
|
Foilseoidh na Ballstáit liosta den fhaisnéis is gá chun an measúnú a dhéanamh. Soláthróidh an faighteoir féideartha an fhaisnéis sin don údarás inniúil tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 27a(1). Beidh an fhaisnéis is gá comhréireach agus iomchuí do chineál na héadála atá á beartú. Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe stuamachta faoin Airteagal seo.
|
|
Airteagal 27b 6.
|
Gan dochar d’Airteagal 27a(5) go (11), i gcás ina dtugtar fógra faoi dhá thogra nó níos mó chun sealúchais ábharacha san eintiteas céanna a fháil, caithfidh an t-údarás inniúil ar bhealach neamh-idirdhealaitheach leis na faighteoirí féideartha.
|
|
Airteagal 27b 7.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
an liosta den fhaisnéis íosta atá le soláthar ag an bhfaighteoir féideartha don údarás inniúil tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 27a(1), Airteagal 27f(1) agus Airteagal 27i(1);
(b)
modheolaíocht chomhchoiteann chun measúnú a dhéanamh ar na critéir a leagtar amach san Airteagal seo agus Airteagail 27j;
(c)
an próiseas is infheidhme maidir le fógra a thabhairt agus an measúnú stuamachta is gá faoi Airteagal 27a agus 27i.
Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh ÚBE Teideal II de Threoir (AE) 2017/1132 san áireamh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|