|
+Airteagal 27c 1. |
Airteagal 27c 1.Rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis a bhfuil sé de dhualgas poiblí orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis eile lena mbaineann san earnáil airgeadais agus iad i mbun an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) i gcás ina mbaineann ceann de na nithe seo a leanas leis an éadáil atá á beartú:
(a)
institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas earnáil an fhaighteora fhéideartha;
(b)
máthairghnóthas ar institiúid creidmheasa, ar ghnóthas árachais, ar ghnóthas athárachais, ar ghnólacht infheistíochta nó ar chuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas earnáil an fhaighteora fhéideartha;
(c)
duine dlítheanach a rialaíonn institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina bhfuil an éadáil atá á beartú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|