+Airteagal 27c Comhar idir údaráis inniúla
---+Airteagal 27c 1.
---+Airteagal 27c 2.
---+Airteagal 27c 3.
---+Airteagal 27c 4.
---+Airteagal 27c 5.
|
Airteagal 27c Comhar idir údaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27c 1.
|
Rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis a bhfuil sé de dhualgas poiblí orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis eile lena mbaineann san earnáil airgeadais agus iad i mbun an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) i gcás ina mbaineann ceann de na nithe seo a leanas leis an éadáil atá á beartú:
(a)
institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas earnáil an fhaighteora fhéideartha;
(b)
máthairghnóthas ar institiúid creidmheasa, ar ghnóthas árachais, ar ghnóthas athárachais, ar ghnólacht infheistíochta nó ar chuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas earnáil an fhaighteora fhéideartha;
(c)
duine dlítheanach a rialaíonn institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina bhfuil an éadáil atá á beartú.
|
|
Airteagal 27c 2.
|
I gcás inar institiúid é an faighteoir féideartha agus nach sáraítear an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 27a(2) ach ar bhonn aonair, tabharfaidh an t-údarás inniúil a dhéanann measúnú ar an éadáil atá á beartú fógra don mhaoirseoir comhdhlúthaithe faoin éadáil atá á beartú laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an fógra a fháil ón bhfaighteoir féideartha, más cuid de ghrúpa é an faighteoir féideartha agus más rud é nach ionann an t-údarás inniúil agus an maoirseoir comhdhlúthaithe. Cuirfidh an t-údarás inniúil a mheasúnú ar aghaidh chuig an maoirseoir comhdhlúthaithe freisin. I gcás inar cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) é an faighteoir féideartha, tabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a dhéanann measúnú ar an éadáil atá á beartú fógra don údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an faighteoir féideartha bunaithe maidir leis an éadáil atá á beartú laistigh de 10 lá oibre tar éis don fhaighteoir féideartha an fógra a fháil, murab ionann an t-údarás inniúil sin agus an maoirseoir comhdhlúthaithe. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a mheasúnú ar aghaidh chuig an údarás inniúil sin freisin. I gcás inar institiúid é an faighteoir féideartha agus ina sáraítear an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 27a(2) ar bhonn aonair agus ar bhonn chás comhdhlúite an ghrúpa, féachfaidh an t-údarás inniúil agus an maoirseoir comhdhlúthaithe a dhéanann measúnú ar an éadáil atá á beartú lena measúnuithe a chomhordú, go háirithe maidir lena gcomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 27c 3.
|
I gcás inar gá gurb é an maoirseoir comhdhlúthaithe dá dtagraítear in Airteagal 27a(3) a dhéanfaidh an measúnú ar an éadáil atá á beartú, agus nach ionann an maoirseoir comhdhlúthaithe agus an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an faighteoir féideartha bunaithe, oibreoidh an dá údarás i gcomhairle iomlán le chéile. Ullmhóidh an maoirseoir comhdhlúthaithe measúnú ar an éadáil atá á beartú agus cuirfidh sé an measúnú sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an faighteoir féideartha bunaithe. Déanfaidh an dá údarás gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach laistigh de 2 mhí ón dáta a bhfaightear an measúnú sin. Déanfar an cinneadh comhpháirteach sin a dhoiciméadú agus a réasúnú go cuí. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh comhpháirteach sin in iúl don fhaighteoir féideartha. I gcás nach ndéantar cinneadh comhpháirteach laistigh de 2 mhí ón measúnú a bheith faighte, staonfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe nó an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an faighteoir féideartha bunaithe ó chinneadh a dhéanamh agus tarchuirfidh sé an t-ábhar chuig ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Déanfaidh ÚBE a chinneadh laistigh de 1 mhí amháin tar éis an tarchur a bheith faighte ag ÚBE. Déanfaidh na húdaráis lena mbaineann cinneadh comhpháirteach a ghlacadh i gcomhréir le cinneadh ÚBE.
|
|
Airteagal 27c 4.
|
Aon fhaisnéis atá riachtanach nó atá ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe, soláthróidh na húdaráis inniúla dá chéile í gan aon mhoill. Chuige sin, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha uile le haghaidh an mheasúnaithe in iúl dá chéile arna iarraidh sin nó ar a dtionscnamh féin. Féachfaidh na húdaráis inniúla lena measúnuithe a chomhordú agus comhsheasmhacht a gcinntí a áirithiú. Chuige sin, léireofar sa chinneadh ón údarás inniúil atá freagrach as an measúnú aon tuairimí nó forchoimeádais a chuir údaráis inniúla ábhartha eile in iúl.
|
|
Airteagal 27c 5.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun nósanna imeachta agus foirmeacha a bhunú agus forbróidh sé teimpléid le haghaidh an phróisis comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|