+Airteagal 27f Fógra a thabhairt faoi aistrithe ábharacha sócmhainní agus dliteanas
---+Airteagal 27f 1.
---+Airteagal 27f 2.
---+Airteagal 27f 3.

Airteagal 27f Fógra a thabhairt faoi aistrithe ábharacha sócmhainní agus dliteanas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27f 1.
Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí, agus ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil i scríbhinn roimh aon aistriú ábharach sócmhainní nó dliteanas a dhéanann siad, bíodh sé trí dhíolachán nó trí aon chineál eile idirbhirt (“an oibríocht atá á beartú”).

I gcás nach mbaineann an oibríocht atá á beartú ach le heintitis ón ngrúpa céanna, beidh na heintitis sin faoi réir na chéad fhomhíre freisin.

Chun críocha na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, beidh gach ceann de na heintitis atá páirteach san oibríocht chéanna atá á beartú faoi réir na hoibleagáide chun fógra a thabhairt a leagtar amach iontu ar bhonn aonair.

Airteagal 27f 2.
Chun críocha mhír 1, measfar an oibríocht atá á beartú a bheith ábharach le haghaidh eintitis i gcás inarb ionann í agus ar a laghad 10 % dá sócmhainní iomlána nó dá dliteanais iomlána, mura rud é go ndéanfar an oibríocht atá á beartú idir dhá eintiteas sa ghrúpa céanna, agus sa chás sin measfar an oibríocht atá á beartú a bheith ábharach le haghaidh eintitis i gcás inarb ionann í agus ar a laghad 15 % dá sócmhainní iomlána nó dá dliteanais iomlána.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na céatadáin ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.

Ní chuirfear an méid seo a leanas san áireamh chun na céatadáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ríomh:

(a) 

aistrithe sócmhainní neamhthuillmheacha;

(b) 

aistrithe sócmhainní chun iad a áireamh i gcomhthiomsú cumhdaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 );

(c) 

aistrithe sócmhainní atá le hurrúsú;

(d) 

aistrithe sócmhainní nó dliteanas i gcomhthéacs uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE a úsáid.

Airteagal 27f 3.
Admhóidh an t-údarás inniúil, i scríbhinn, go bhfuarthas an fógra faoi mhír 1 go pras agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre tar éis an fógra a fháil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.