|
+Airteagal 27f 2. |
Airteagal 27f 2.Chun críocha mhír 1, measfar an oibríocht atá á beartú a bheith ábharach le haghaidh eintitis i gcás inarb ionann í agus ar a laghad 10 % dá sócmhainní iomlána nó dá dliteanais iomlána, mura rud é go ndéanfar an oibríocht atá á beartú idir dhá eintiteas sa ghrúpa céanna, agus sa chás sin measfar an oibríocht atá á beartú a bheith ábharach le haghaidh eintitis i gcás inarb ionann í agus ar a laghad 15 % dá sócmhainní iomlána nó dá dliteanais iomlána. Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na céatadáin ar bhonn a gcáis chomhdhlúite. Ní chuirfear an méid seo a leanas san áireamh chun na céatadáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ríomh:
(a)
aistrithe sócmhainní neamhthuillmheacha;
(b)
aistrithe sócmhainní chun iad a áireamh i gcomhthiomsú cumhdaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 );
(c)
aistrithe sócmhainní atá le hurrúsú;
(d)
aistrithe sócmhainní nó dliteanas i gcomhthéacs uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE a úsáid. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|