+Airteagal 27i Fógra a thabhairt faoin gcumasc nó faoin deighilt agus measúnú a dhéanamh air nó uirthi
---+Airteagal 27i 1.
---+Airteagal 27i 2.
---+Airteagal 27i 3.
---+Airteagal 27i 4.
---+Airteagal 27i 5.
---+Airteagal 27i 6.
---+Airteagal 27i 7.
---+Airteagal 27i 8.
---+Airteagal 27i 9.
---+Airteagal 27i 10.
|
Airteagal 27i Fógra a thabhairt faoin gcumasc nó faoin deighilt agus measúnú a dhéanamh air nó uirthi
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27i 1.
|
Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí, agus ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) (“na geallsealbhóirí airgeadais”) a dhéanann cumasc nó deighilt (“an oibríocht atá á beartú”), fógra a thabhairt, tar éis dréacht-téarmaí na hoibríochta atá á beartú a bheith glactha agus roimh an oibríocht atá á beartú a bheith curtha i gcrích, don údarás inniúil a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis a thiocfaidh as an oibríocht sin atá á beartú, agus an fhaisnéis ábhartha á léiriú, mar a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 27j(5). Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás inarb é atá san oibríocht atá á beartú deighilt, is é an t-údarás inniúil atá i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar an eintiteas a dhéanann an oibríocht atá á beartú an t-údarás inniúil a bhfuil fógra le tabhairt dó agus atá i gceannas ar an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1).
|
|
Airteagal 27i 2.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás inarb éard atá san oibríocht atá á beartú cumasc nach mbaineann ach le geallsealbhóirí airgeadais ón ngrúpa céanna, lena n-áirítear grúpa institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach agus a ndéantar maoirseacht air mar ghrúpa, ní cheanglófar ar an údarás inniúil an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1) a dhéanamh.
|
|
Airteagal 27i 3.
|
Ní dhéanfar an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1) i gcás nach mór údarú i gcomhréir le hAirteagal 8, nó formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a a bheith ag an oibríocht atá á beartú.
|
|
Airteagal 27i 4.
|
Admhóidh an t-údarás inniúil, i scríbhinn, go bhfuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 1 nó an fhaisnéis bhreise a chuirtear faoina bhráid i gcomhréir le mír 5 go pras agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre tar éis an fógra nó an fhaisnéis bhreise a fháil. I gcás nach mbaineann an oibríocht atá á beartú ach le geallsealbhóirí airgeadais ón ngrúpa céanna, beidh 60 lá oibre ag an údarás inniúil ón dáta a admhaítear i scríbhinn go bhfuarthas an fógra agus ó na doiciméid uile a fháil a éilíonn an Ballstát a chur leis an bhfógra i gcomhréir le hAirteagal 27j(5) (“an tréimhse mheasúnaithe”), chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1) a dhéanamh. Cuirfidh an t-údarás inniúil na geallsealbhóirí airgeadais ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse measúnaithe tráth a admhaíonn sé go bhfuil an fógra faighte.
|
|
Airteagal 27i 5.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1) a chur i gcrích. Déanfar an iarraidh sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá inti. I gcás nach mbaineann an oibríocht atá á beartú ach le geallsealbhóirí airgeadais ón ngrúpa céanna, féadfaidh an t-údarás inniúil faisnéis bhreise a iarraidh tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre sa tréimhse mheasúnaithe. Cuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí idir an dáta a iarrann an t-údarás inniúil an fhaisnéis bhreise agus an dáta a fhaightear freagra ó na geallsealbhóirí airgeadais ar an iarraidh, lena soláthraítear an fhaisnéis ar fad a iarradh. Ní bheidh an fhionraí sin níos faide ná 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó soiléiriú na faisnéise a soláthraíodh ach ní chuirfear an tréimhse mheasúnaithe ar fionraí dá mbarr.
|
|
Airteagal 27i 6.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh suas le 30 lá oibre a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear i mír 5, an tríú fomhír, sna cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil ar a laghad ceann amháin de na geallsealbhóirí airgeadais suite i dtríú tír, nó faoi réir chreat rialála tríú tír;
(b)
i gcás inar gá faisnéis a mhalartú leis na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na geallsealbhóirí airgeadais i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1) den Treoir seo a dhéanamh.
|
|
Airteagal 27i 7.
|
Ní chuirfear an oibríocht atá á beartú i gcrích sula mbeidh tuairim dhearfach eisithe ag an údarás inniúil.
|
|
Airteagal 27i 8.
|
Laistigh de 2 lá oibre tar éis a mheasúnú a chríochnú, eiseoidh an t-údarás inniúil tuairim réasúnaithe dhearfach nó dhiúltach i scríbhinn chuig na geallsealbhóirí airgeadais. Tarchuirfidh na geallsealbhóirí airgeadais an tuairim réasúnaithe sin chuig na húdaráis atá freagrach, faoin dlí náisiúnta, as grinnscrúdú a dhéanamh ar an oibríocht atá á beartú.
|
|
Airteagal 27i 9.
|
I gcás nach mbaineann an oibríocht atá á beartú ach le geallsealbhóirí airgeadais ón ngrúpa céanna agus nach gcuireann an t-údarás inniúil i gcoinne na hoibríochta atá á beartú i scríbhinn laistigh den tréimhse mheasúnaithe, measfar an tuairim a bheith dearfach.
|
|
Airteagal 27i 10.
|
Féadfar foráil a dhéanamh sa tuairim dhearfach réasúnaithe arna heisiúint ag an údarás inniúil do thréimhse theoranta ina mbeidh an oibríocht atá á beartú le déanamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|