|
+Airteagal 66 2. |
Airteagal 66 2.Áiritheoidh na Ballstáit sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 go n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna bearta is féidir a chur i bhfeidhm:
(a)
pionóis riaracháin:
(i)
i gcás duine dlítheanach, pionóis riaracháin airgid suas le 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an ghnóthais;
(ii)
i gcás duine nádúrtha, pionóis riaracháin airgid suas le EUR 5 mhilliún nó, sna Ballstáit nach é an Euro an t-airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 17 Iúil 2013;
(iii)
pionóis riaracháin airgid suas le dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir na brabúis sin a gnóthaíodh nó na caillteanais a seachnaíodh a chinneadh;
(b)
íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla:
(i)
i gcás duine dlítheanach, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla suas le 5 % den mheán-ghlanláimhdeachas laethúil, a mbeidh sé d’oibleagáid ar an duine dlítheanach, i gcás sárú leanúnach, iad a íoc in aghaidh an lae den sárú go dtí go mbeidh an oibleagáid á comhlíonadh arís; féadfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse suas le 6 mhí ón dáta a leagtar amach sa chinneadh ón údarás inniúil lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil;
(ii)
i gcás duine nádúrtha, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla suas le EUR 50 000 , nó sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Iúil 2024, a mbeidh oibleagáid ar an duine nádúrtha iad a íoc in aghaidh an lae den sárú, go dtí go mbeidh an oibleagáid á comhlíonadh arís; féadfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse suas le 6 mhí ón dáta a leagtar amach sa chinneadh ón údarás inniúil lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil;
(c)
bearta eile riaracháin:
(i)
ráiteas poiblí lena sainaithnítear an duine nádúrtha, an institiúid, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó máthairghnóthas idirmheánach AE atá freagrach agus cineál an tsáraithe;
(ii)
ordú ina gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompar agus staonadh ón iompar sin a dhéanamh an athuair;
(iii)
cearta vótála an scairshealbhóra nó na scairshealbhóirí atá freagrach as na sáruithe dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí;
(iv)
faoi réir Airteagal 65(2), cosc sealadach a chur ar chomhalta denchomhlacht bainistíochta nó ar aon duine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú i dtreo is nach féidir leis a chuid feidhmeanna a chur i gcrích in institiúidí. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit uasmhéid níos airde a shocrú do na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla atá le cur i bhfeidhm in aghaidh an lae den sárú. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a chur i bhfeidhm ar bhonn seachtainiúil nó ar bhonn míosúil. Sa chás sin, ní rachaidh uasmhéid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bheidh le cur i bhfeidhm don tréimhse ábhartha sheachtainiúil nó mhíosúil nuair a dhéantar an sárú thar uasmhéid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a mbeadh feidhm acu ar bhonn laethúil i gcomhréir leis an bpointe sin don tréimhse ábhartha. Féadfar íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar dháta áirithe agus tús a chur lena gcur i bhfeidhm ar dháta is déanaí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|