+Airteagal 66 Pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin i leith sáruithe ar cheanglais údarúcháin agus i leith sáruithe ar cheanglais chun sealúchais ábharacha a fháil nó a dhífheistiú, agus ar cheanglais maidir le haistrithe ábharacha sócmhainní agus dliteanas, agus maidir le cumaisc nó deighiltí
---+Airteagal 66 1.
---+Airteagal 66 2.
---+Airteagal 66 3.
---+Airteagal 66 4.

Airteagal 66 Pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin i leith sáruithe ar cheanglais údarúcháin agus i leith sáruithe ar cheanglais chun sealúchais ábharacha a fháil nó a dhífheistiú, agus ar cheanglais maidir le haistrithe ábharacha sócmhainní agus dliteanas, agus maidir le cumaisc nó deighiltí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 66 1.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhforálfar ina bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin do phionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin, ar a laghad i gcás:

(a) 

ina gcuirtear tús le gníomhaíochtaí mar institiúid creidmheasa gan údarú a fháil roimh ré de shárú ar Airteagal 8 den Treoir seo;

(b) 

ina ndéanann eintiteas a chomhlíonann an tairseach a léirítear in Airteagal 4(1), pointe (1)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus nach bhfuil údaraithe mar institiúid creidmheasa, cé is moite d’eintitis a iarrann an tarscaoileadh faoi Airteagal 8a den Treoir seo, ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa phointe sin;

(c) 

ina dtéitear i mbun gnó taiscí agus cistí in-aisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal gan a bheith údaraithe mar institiúid creidmheasa de shárú ar Airteagal 9 den Treoir seo;

(d) 

ina bhfaightear sealúchas cáilitheach in institiúid creidmheasa, go díreach nó go hindíreach, nó ina méadaítear an sealúchas sin tuilleadh, go díreach nó go hindíreach, ar bhealach a bhainfí amach nó a shárófaí le sciar na gceart vótála nó an chaipitil a shealbhaítear na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 22(1) den Treoir seo nó go ndéanfaí fochuideachta de chuid an fhaighteora den institiúid creidmheasa, gan fógra i scríbhinn a thabhairt do na húdaráis inniúla faoin institiúid creidmheasa a bhfuil an faighteoir ag iarraidh sealúchas cáilitheach a fháil nó a mhéadú inti, le linn na tréimhse measúnaithe, nó in aghaidh chur i gcoinne na n-údarás inniúil, de shárú ar an Airteagal sin;

(e) 

ina ndéantar sealúchas cáilitheach in institiúid creidmheasa a dhiúscairt, go díreach nó go hindíreach, nó ina laghdaítear an sealúchas sin ar bhealach go dtitfeadh sciar na gceart vótála nó an chaipitil a shealbhaítear faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 25 den Treoir seo nó go scoirfeadh an institiúid creidmheasa de bheith ina fochuideachta de chuid an duine dhlítheanaigh sin atá ag diúscairt an tsealúchais cháilithigh, gan fógra i scríbhinn a thabhairt do na húdaráis inniúla, de shárú ar an Airteagal sin;

(f) 

nach gcuireann cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) den Treoir seo isteach ar fhormheas de shárú ar an Airteagal sin nó go sáraíonn sí aon cheanglas eile a leagtar amach san Airteagal sin;

(g) 

nach dtugann faighteoir féideartha de réir bhrí Airteagal 27a(1) den Treoir seo fógra don údarás inniúil ábhartha faoi éadáil dhíreach nó indíreach sealúchais ábharaigh, de shárú ar an Airteagal sin;

(h) 

nach dtugann aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 27d den Treoir seo fógra don údarás inniúil ábhartha faoi dhiúscairt dhíreach nó indíreach sealúchais ábharaigh ar mó é ná 15 % de chaipiteal incháilithe an eintitis sin;

(i) 

ina ndéanann aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 27f(1) den Treoir seo aistriú ábharach sócmhainní nó dliteanas gan fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla, de shárú ar an Airteagal sin;

(j) 

ina ndéanann aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 27i(1) den Treoir seo cumasc nó deighilt de shárú ar an Airteagal sin.

Airteagal 66 2.

Áiritheoidh na Ballstáit sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 go n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna bearta is féidir a chur i bhfeidhm:

(a) 

pionóis riaracháin:

(i) 

i gcás duine dlítheanach, pionóis riaracháin airgid suas le 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an ghnóthais;

(ii) 

i gcás duine nádúrtha, pionóis riaracháin airgid suas le EUR 5 mhilliún nó, sna Ballstáit nach é an Euro an t-airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 17 Iúil 2013;

(iii) 

pionóis riaracháin airgid suas le dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir na brabúis sin a gnóthaíodh nó na caillteanais a seachnaíodh a chinneadh;

(b) 

íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla:

(i) 

i gcás duine dlítheanach, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla suas le 5 % den mheán-ghlanláimhdeachas laethúil, a mbeidh sé d’oibleagáid ar an duine dlítheanach, i gcás sárú leanúnach, iad a íoc in aghaidh an lae den sárú go dtí go mbeidh an oibleagáid á comhlíonadh arís; féadfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse suas le 6 mhí ón dáta a leagtar amach sa chinneadh ón údarás inniúil lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil;

(ii) 

i gcás duine nádúrtha, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla suas le EUR 50 000 , nó sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Iúil 2024, a mbeidh oibleagáid ar an duine nádúrtha iad a íoc in aghaidh an lae den sárú, go dtí go mbeidh an oibleagáid á comhlíonadh arís; féadfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse suas le 6 mhí ón dáta a leagtar amach sa chinneadh ón údarás inniúil lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil;

(c) 

bearta eile riaracháin:

(i) 

ráiteas poiblí lena sainaithnítear an duine nádúrtha, an institiúid, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó máthairghnóthas idirmheánach AE atá freagrach agus cineál an tsáraithe;

(ii) 

ordú ina gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompar agus staonadh ón iompar sin a dhéanamh an athuair;

(iii) 

cearta vótála an scairshealbhóra nó na scairshealbhóirí atá freagrach as na sáruithe dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí;

(iv) 

faoi réir Airteagal 65(2), cosc sealadach a chur ar chomhalta denchomhlacht bainistíochta nó ar aon duine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú i dtreo is nach féidir leis a chuid feidhmeanna a chur i gcrích in institiúidí.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit uasmhéid níos airde a shocrú do na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla atá le cur i bhfeidhm in aghaidh an lae den sárú.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a chur i bhfeidhm ar bhonn seachtainiúil nó ar bhonn míosúil. Sa chás sin, ní rachaidh uasmhéid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bheidh le cur i bhfeidhm don tréimhse ábhartha sheachtainiúil nó mhíosúil nuair a dhéantar an sárú thar uasmhéid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a mbeadh feidhm acu ar bhonn laethúil i gcomhréir leis an bpointe sin don tréimhse ábhartha.

Féadfar íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar dháta áirithe agus tús a chur lena gcur i bhfeidhm ar dháta is déanaí.

Airteagal 66 3.

Is é a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán dá dtagraítear i mír 2, pointe (a)(i), den Airteagal seo suim na míreanna seo a leanas, arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún ( 27 ):

(a) 

ioncam úis;

(b) 

costais úis;

(c) 

costais i ngeall ar scairchaipiteal atá inaisíoctha ar éileamh;

(d) 

ioncam díbhinní;

(e) 

ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin;

(f) 

costais táillí agus choimisiúin;

(g) 

gnóthachain nó caillteanais ar shócmhainní airgeadais agus ar dhliteanais airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil, glan;

(h) 

gnóthachain nó caillteanais ar shócmhainní airgeadais agus ar dhliteanais airgeadais arna n-ainmniú ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas, glan;

(i) 

gnóthachain nó caillteanais ó chuntasaíocht fálaithe, glan;

(j) 

difríochtaí malairte (gnóthachan nó caillteanas), glan;

(k) 

ioncam oibriúcháin eile;

(l) 

costais oibriúcháin eile.

Chun críocha an Airteagail seo, is é a bheidh mar bhonn don ríomh ná an fhaisnéis airgeadais maoirseachta bhliantúil is déanaí a sholáthraíonn tásc os cionn nialais. I gcás nach bhfuil an duine dlítheanach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo faoi réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451, is é a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an glanláimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme. I gcás inar cuid de ghrúpa an gnóthas lena mbaineann, is é a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an glanláimhdeachas bliantúil iomlán a thiocfaidh as cuntas comhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh.

Airteagal 66 4.
Is é a bheidh sa mheán-ghlanláimhdeachas laethúil dá dtagraítear i mír (2), pointe (b)(i), an glanláimhdeachas bliantúil iomlán dá dtagraítear i mír 3 arna roinnt ar 365.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.