|
+Article 78 1. |
Article 78 1.Áiritheoidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas ar fad:
(a)
institiúidí a bhfuil cead acu cineálacha cur chuige inmheánacha a úsáid chun méideanna neamhchosanta riosca-ualaithe nó ceanglais maidir le cistí dílse a ríomh, go dtugann siad tuairisc faoi thorthaí a gcuid ríomhanna le haghaidh a neamhchosaintí nó staideanna a áirítear sna punanna tagarmharcála;
(b)
institiúidí a úsáideann an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go dtugann siad tuairisc faoi thorthaí a gcuid ríomhanna le haghaidh a neamhchosaintí nó staideanna a áirítear sna punanna tagarmharcála, ar choinníoll gurb ionann agus EUR 500 milliún nó gur mó ná sin méid ghnó na n-institiúidí laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir riosca margaidh i gcomhréir le hAirteagal 325a(1), pointe (b), den Rialachán sin;
(c)
institiúidí a bhfuil cead acu cineálacha cur chuige inmheánacha a úsáid faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chomh maith le hinstitiúidí ábhartha a chuireann an cur chuige caighdeánaithe i bhfeidhm faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2, den Rialachán sin, go dtugann siad tuairisc faoi thorthaí ríomhanna na gcur chuige a úsáideadh chun méid na gcaillteanas creidmheasa ionchasach a chinneadh le haghaidh a neamhchosaintí nó staideanna a áirítear sna punanna tagarmharcála, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
ullmhaíonn institiúidí a gcuntais i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta mar a chuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;
(ii)
déanann institiúidí luacháil na sócmhainní agus na míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe agus cinneadh a gcistí dílse i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta de bhun Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(iii)
déanann institiúidí luacháil ar shócmhainní agus ar mhíreanna lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta faoi Threoir 86/635/CEE ón gComhairle ( 31 ) agus baineann siad úsáid as samhail le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha atá ar aon dul leis an gceann a úsáideadh i gcaighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta mar a chuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002. Cuirfidh na hinstitiúidí torthaí na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar aon le míniú ar na modheolaíochtaí a úsáideadh chun iad a dhéanamh agus aon fhaisnéis cháilíochtúil, mar a d’iarr ÚBE, a fhéadfaidh tionchar na ríomhanna sin ar cheanglais maidir le cistí dílse a mhíniú. Cuirfear na torthaí sin faoi bhráid na n-údarás inniúil uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh ÚBE an cleachtadh tagarmharcála maoirseachta a dhéanamh gach 2 bhliain maidir le gach cur chuige dá dtagraítear sa chéad fhomhír tar éis don chleachtadh a bheith ar siúl cúig huaire i gcás gach cur chuige faoi seach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|