|
+Airteagal 81 Riosca comhchruinnithe |
Airteagal 81 Riosca comhchruinnitheAirteagal 81 Riosca comhchruinnithe Áiritheoidh na húdaráis inniúla go dtabharfar aghaidh ar an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí ar gach contrapháirtí, lena n-áirítear contrapháirtithe lárnacha, grúpaí contrapháirtithe nasctha, agus contrapháirtithe san earnáil eacnamaíoch chéanna, sa réigiún geografach céanna nó sa ghníomhaíocht nó tráchtearra céanna, cur i bhfeidhm teicnící maolaithe riosca creidmheasa, agus lena n-áirítear go háirithe rioscaí a bhaineann le neamhchosaintí móra indíreacha ar chreidmheas, mar shampla eisitheoir comhthaobhachta aonair, agus go rialófar é, lena n-áirítear trí bhíthin beartais agus nósanna imeachta i scríbhinn. I gcás cripteashócmhainní gan eisitheoir inaitheanta, déanfar an riosca comhchruinnithe a mheas i dtéarmaí na neamhchosanta ar chripteashócmhainní a bhfuil gnéithe comhchosúla acu. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú agus faireachán ar fhorbairtí i gcleachtais institiúidí maidir le bainistiú a riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha, lena n-áirítear na pleananna arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 76(2), cúigiú fomhír den Treoir seo, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta le linn a samhlacha gnó a oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|