Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfrithsciúradh airgid nó comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 an fhaisnéis ábhartha a bhaineann le comhaltaí an chomhlachta bainistíochta a cheadú i gcomhthéacs a bhfíoraithe agus ar bhonn riosca-íogair. Féadfaidh údaráis inniúla rochtain a iarraidh freisin ar an mbunachar sonraí lárnach AML/CFT dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
32
). Cinnfidh an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta a bunaíodh leis an Rialachán sin (“an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta”), an ndéanfaidh sé rochtain den sórt sin a dheonú nó gan a dheonú.