|
+Airteagal 91 10. |
Airteagal 91 10.Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 91a, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na n-eintiteas a liostaítear i mír 1d den Airteagal seo chun tuilleadh sonrúcháin a dhéanamh ar inneachar íosta an cheistneora oiriúnachta, curricula vitae agus an mheasúnaithe inmheánaigh ar oiriúnacht atá le cur faoi bhráid na n-údarás inniúil chun an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear i mír 1f den Airteagal seo agus in Airteagal 91a(5) a dhéanamh. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar caighdeáin iomchuí a fhorbairt d’eintitis seachas na heintitis sin dá dtagraítear i mír 1d den Airteagal seo. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|