+Article 94 2.

Article 94 2.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na cineálacha ionstraimí a shonrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (l)(ii) de mhír 1.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2014.

Chun baill foirne a shainaithint a bhfuil tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide amhail dá dtagraítear in Airteagal 92(3), ach amháin maidir le baill foirne i ngnólachtaí infheistíochta, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina leagfar amach na critéir chun an méid seo a leanas a shainiú:

(a) 

freagracht bainistíochta agus feidhmeanna rialálaithe inmheánaigh;

(b) 

aonad gnó ábhartha agus tionchar suntasach ar phróifíl riosca an aonaid gnó ábhartha; agus

(c) 

catagóirí eile foirne nach dtagraítear go sainráite dóibh in Airteagal 92(3) a bhfuil tionchar ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide, ar tionchar é atá chomh hábhartha céanna le tionchar na gcatagóirí foirne dá dtagraítear sa mhír sin.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála a bhfuil feidhm acu maidir le gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leanfaidh an cumhachtú a leagtar síos in Airteagal 94(2) den Treoir seo arna leasú le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 33 ), d’fheidhm a bheith aige go dtí an 26 Meitheamh 2021.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.