|
+Airteagal 104a 4. |
Airteagal 104a 4.Comhlíonfaidh an institiúid an ceanglas cistí dílse breise arna fhorchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d’Airteagal 104(1) chun aghaidh a thabhairt ar phriacail seachas priacal an luamhánaithe iomarcaigh le cistí dílse a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a)
comhlíonfar ar a laghad trí cheathrú den cheanglas cistí dílse breise le caipiteal Leibhéal 1;
(b)
beidh ar a laghad trí cheathrú de chaipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear i bpointe (a) comhdhéanta de chaipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Comhlíonfaidh an institiúid an ceanglas cistí dílse breise arna fhorchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d’Airteagal 104(1) chun aghaidh a thabhairt ar phriacal an luamhánaithe iomarcaigh le caipiteal Leibhéal 1. De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus an dara fomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar an institiúid an ceanglas cistí dílse breise a chomhlíonadh le cion níos mó de chaipiteal Leibhéal 1, nó de chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 i gcás inar gá agus ag féachaint d’imthosca sonracha na hinstitiúide. I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an ceanglas cístí dílse breise a chomhlíonadh, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní úsáidfear iad chun aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
an ceanglas cistí dílse a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)
an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(c)
an treoir maidir le cistí breise dílse dá dtagraítear in Airteagal 104b(3) den Treoir seo nuair a thugtar aghaidh sa treoir sin ar rioscaí an luamhánaithe iomarcaigh. I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an ceanglas cístí dílse breise a chomhlíonadh, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní úsáidfear iad chun aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
an ceanglas cistí dílse a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)
an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(c)
an treoir maidir le cistí breise dílse dá dtagraítear in Airteagal 104b(3) den Treoir seo nuair a thugtar aghaidh sa treoir sin ar rioscaí an luamhánaithe iomarcaigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|