+Airteagal 104a Ceanglas cistí dílse breise
---+Airteagal 104a 1.
---+Airteagal 104a 2.
---+Airteagal 104a 3.
---+Airteagal 104a 4.
---+Airteagal 104a 5.
---+Airteagal 104a 6.
---+Airteagal 104a 7.
---+Airteagal 104a 8.
|
Airteagal 104a Ceanglas cistí dílse breise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 104a 1.
|
Forchuirfidh na húdaráis inniúla an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) i gcás ina gcinnfidh siad, ar bhonn na n-athbhreithnithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 97 agus le hAirteagal 101, aon cheann de na cásanna seo a leanas i leith institiúid aonair:
(a)
go bhfuil an institiúid neamhchosantach ar rioscaí nó ar ghnéithe rioscaí nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach, mar a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo, faoi na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
34
);
(b)
nach gcomhlíonann an institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 73 agus 74 den Treoir seo ná in Airteagal 393 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ní dócha go mbeadh bearta eile maoirseachta leordhóthanach d'fhonn a áirithiú go bhféadfaí na ceanglais sin a chomhlíonadh laistigh de thréimhse ama iomchuí;
(c)
meastar nach leor na coigeartuithe dá dtagraítear in Airteagal 98(4) go bhféadfaidh an institiúid a suíomhanna a dhíol nó a fhálú amach laistigh de thréimhse ghearr gan caillteanais ábhartha a thabhú faoi ghnáthchoinníollacha margaidh;
(d)
léirítear leis an measúnú a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 101(4) gur cosúil gur ceanglais cistí dílse neamhleora an toradh a bheidh ar neamh-chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcur chuige ceadaithe a chur i bhfeidhm;
(e)
mainníonn an institiúid leibhéal leordhóthanach cistí dílse breise a bhunú nó a choinneáil d'fhonn na treoracha arna gcur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 104b(3) a chumhdach;
(f)
cásanna eile institiúidsonrach a measann an t-údarás inniúil gur cúis imní ábhartha maoirseachta iad.
Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) a fhorchur ach amháin chun na rioscaí a chlúdach a thabhaíonn institiúidí aonair de bharr a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear iad siúd a léiríonn tionchar cúinsí eacnamaíocha áirithe agus forbairtí margaidh maidir le próifíl priacal institiúide aonair.
|
|
Airteagal 104a 2.
|
Chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, ní mheasfar gur rioscaí nó gnéithe rioscaí iad ach amháin más rioscaí nó gnéithe rioscaí iad nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 i gcás inarb airde méideanna, cineálacha agus dáileachán an chaipitil a mheasann an t-údarás inniúil a bheith leordhóthanach ag cur san áireamh an t-athbhreithniú maoirseachta a dhéanfaidh na hinstitiúidí ar an measúnú i gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 73 den Treoir seo ná na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402. Chun críocha na chéad fhomhíre, agus próifíl priacal gach institiúide á cur san áireamh, déanfaidh na húdaráis inniúla na rioscaí nach bhfuil cosaint ag an institiúid orthu a mheas lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a)
rioscaí institiúidsonracha nó gnéithe rioscaí den sórt sin a eisiatar go sainráite ó na ceanglais cistí dílse, nó nach dtugtar aghaidh orthu go sainráite sna ceanglais sin a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
(b)
rioscaí institiúidsonracha nó gnéithe rioscaí den sórt sin ar dócha go ndéanfar gannmheas orthu in ainneoin go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402.
Sa mhéid go bhfuil rioscaí nó gnéithe rioscaí faoi réir socruithe idirthréimhseacha nó forálacha marthanachta a leagtar amach sa Treoir seo nó i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní mheasfar gur rioscaí nó gnéithe rioscaí den sórt sin ar dócha go ndéanfar gannmheas orthu in ainneoin go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402. Chun críocha na chéad mhíre, cumhdóidh an caipiteal a mheastar a bheidh leordhóthanach na rioscaí uile nó gnéithe de rioscaí a shainaithnítear a bheith ábhartha de bhun an mheasúnaithe sin, a leagtar síos sa dara fomhír den mhír seo nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402. Is féidir a mheas gurb ábhartha an riosca ráta úis a thagann as suíomhanna leabhair neamhthrádála sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 98(5), ar a laghad, ach amháin má bhíonn na húdaráis inniúla den tuairim, agus an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht á chur i gcrích acu, gur leormhaith an bainistiú a dhéanann an institiúid ar riosca ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála agus nach bhfuil an institiúid neamhchosanta go hiomarcach ar riosca ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála.
|
|
Airteagal 104a 3.
|
I gcás ina dteastóidh cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar phriacail seachas priacal an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, cinnfidh na húdaráis inniúla leibhéal na gcistí dílse breise a cheanglaítear faoi phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo mar an difríocht idir an caipiteal a mheastar a bheith leordhóthanach de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus na ceanglais cistí dílse ábhartha a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402. I gcás ina dteastaíonn cistí dílse breise chun aghaidh a thabhairt ar an riosca luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach faoi Airteagal 92(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfidh na húdaráis inniúla leibhéal na gcistí dílse breise a theastaíonn faoi mhír 1, pointe (a), den Airteagal seo mar an difríocht idir an caipiteal a mheastar a bheith leordhóthanach de bhun mhír 2 den Airteagal seo, cé is moite den chúigiú fomhír de, agus na ceanglais cistí dílse ábhartha a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Airteagal 104a 4.
|
Comhlíonfaidh an institiúid an ceanglas cistí dílse breise arna fhorchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d’Airteagal 104(1) chun aghaidh a thabhairt ar phriacail seachas priacal an luamhánaithe iomarcaigh le cistí dílse a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a)
comhlíonfar ar a laghad trí cheathrú den cheanglas cistí dílse breise le caipiteal Leibhéal 1;
(b)
beidh ar a laghad trí cheathrú de chaipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear i bpointe (a) comhdhéanta de chaipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
Comhlíonfaidh an institiúid an ceanglas cistí dílse breise arna fhorchur ag an údarás inniúil faoi phointe (a) d’Airteagal 104(1) chun aghaidh a thabhairt ar phriacal an luamhánaithe iomarcaigh le caipiteal Leibhéal 1. De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus an dara fomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar an institiúid an ceanglas cistí dílse breise a chomhlíonadh le cion níos mó de chaipiteal Leibhéal 1, nó de chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 i gcás inar gá agus ag féachaint d’imthosca sonracha na hinstitiúide. I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an ceanglas cístí dílse breise a chomhlíonadh, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní úsáidfear iad chun aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
an ceanglas cistí dílse a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)
an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(c)
an treoir maidir le cistí breise dílse dá dtagraítear in Airteagal 104b(3) den Treoir seo nuair a thugtar aghaidh sa treoir sin ar rioscaí an luamhánaithe iomarcaigh.
I dtaca le cistí dílse a úsáidtear chun an ceanglas cístí dílse breise a chomhlíonadh, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) den Treoir seo, forchurtha ag na húdaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar riosca an luamhánaithe iomarcaigh nach gcumhdaítear go leordhóthanach faoi phointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní úsáidfear iad chun aon cheann díobh seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
an ceanglas cistí dílse a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)
an ceanglas maoláin um chóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(c)
an treoir maidir le cistí breise dílse dá dtagraítear in Airteagal 104b(3) den Treoir seo nuair a thugtar aghaidh sa treoir sin ar rioscaí an luamhánaithe iomarcaigh.
|
|
Airteagal 104a 5.
|
Tabharfaidh an t-údarás inniúil údar cuí i scríbhinn do gach institiúid leis an gcinneadh ceangal cistí dílse breise a fhorchur faoi phointe (a) d'Airteagal 104(1), ar a laghad, trí chuntas soiléir a thabhairt ar an measúnú iomlán ar na gnéithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo. Leis an údar sin, sa chás a leagtar amach i bpointe (e) de mhír 1 den Airteagal seo, áireofar ráiteas sonrach ar na cúiseanna lena measfar nach leor a thuilleadh an treoir maidir le cistí dílse breise a fhorchur.
|
|
Airteagal 104a 6.
|
I gcás ina dtagann institiúid chun bheith faoi cheangal ag an íosráta aschuir a leagtar síos in Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
ní thiocfaidh méadú ar an méid ainmniúil cistí dílse breise a cheanglaíonn údarás inniúil na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagal 104(1), pointe (a), chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas riosca luamhánaithe iomarcaigh, mar thoradh ar an institiúid a bheith ag teacht faoi cheangal ag an íosmhéid aschuir;
(b)
déanfaidh údarás inniúil na hinstitiúide, gan mhoill, agus ar chaoi ar bith tráth nach déanaí ná dáta deiridh an chéad phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta eile, déanfaidh sé athbhreithniú ar na cistí dílse breise ar chuir sé de cheangal ar an institiúid iad a bheith aici i gcomhréir le hAirteagal 104(1), pointe (a), agus bainfidh sé aon chuid de a ndéanfaí áireamh dúbailte léi ar na rioscaí a chumhdaítear go hiomlán cheana ós rud é go bhfuil an institiúid faoi cheangal ag an íosmhéid aschuir;
(c)
a luaithe a bheidh an t-athbhreithniú dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo curtha i gcrích ag an údarás inniúil, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag pointe (a) den fhomhír seo.
Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 131 agus 133 den Treoir seo, measfar go bhfuil institiúid faoi cheangal ag an íosmhéid aschuir nuair atá neamhchosaint iomlán na hinstitiúide ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 níos mó ná a neamhchosaint iomlán ar riosca gan íosmhéid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(4) den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 104a 7.
|
Faoin 10 Aibreán 2025, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ina sonrófar a thuilleadh conas na ceanglais a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo a oibríochtú, agus go háirithe:
(a)
an chaoi a léireoidh údaráis inniúla ina bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta gur tháinig institiúid chun bheith faoi cheangal ag an íosráta aschuir;
(b)
an chaoi a ndéanfaidh údaráis inniúla agus institiúidí an tionchar ar cheanglais mhaoirseachta institiúide a thiocfaidh chun bheith faoi cheangal ag an íosráta aschuir a chur in iúl agus a nochtadh.
|
|
Airteagal 104a 8.
|
Chun críocha mhír 2, chomh fada nach bhfuil institiúid faoi cheangal ag an íosráta aschuir, ní fhorchuirfidh údarás inniúil na hinstitiúide ceanglas breise maidir le cistí dílse lena ndéanfaí áireamh dúbailte ar na rioscaí a chumhdaítear go hiomlán cheana ós rud é go bhfuil an institiúid faoi cheangal ag an íosráta aschuir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|