Airteagal 110a
Raon an chur chun feidhme maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe (25), de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcás ina bhfuil ar a laghad gnólacht infheistíochta amháin sa ghrúpa sin faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de bhun Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2033.
Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta, i gcás nach bhfuil aon ghnólacht infheistíochta sa ghrúpa sin faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 de bhun Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2033.