|
+Airteagal 113 2. |
Airteagal 113 2.Déanfar na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1:
(a)
chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, laistigh de 4 mhí ón tráth a gcuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe tuarascáil ina ndéantar an measúnú riosca ar an ngrúpa institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 104a faoi bhráid na n-údarás inniúil ábhartha eile;
(b)
chun críocha phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, laistigh de 4 mhí ón tráth a dtíolacfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe tuarascáil ina ndéantar an measúnú ar phróifíl priacal leachtachta an ghrúpa institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 86 agus le hAirteagal 105;
(c)
chun críocha phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, laistigh de 4 mhí ón tráth a dtíolacfaidh maoirseoir comhdhlúthaithe tuarascáil ina ndéantar an measúnú riosca ar an ngrúpa institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 104b. Déanfar breithniú cuí sna cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar mheasúnú riosca na bhfochuideachtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla ábhartha i gcomhréir le hAirteagail 73, 97, 104a agus 104b. Leagfar amach na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 i ndoiciméid ina mbeidh na cúiseanna iomlána a chuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe ar fáil don mháthairchuideachta AE. I gcás easaontú, rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle le ÚBE arna iarraidh sin d'aon cheann de na húdaráis inniúla eile lena mbaineann. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe dul i gcomhairle le ÚBE as a stuaim féin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|