|
+Airteagal 33a 1. |
Airteagal 33a 1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh de chumhacht ag na húdaráis réitigh, ar dhul i gcomhairle do na húdaráis sin leis na húdaráis inniúla, a fhreagróidh ar bhonn tráthúil, aon oibleagáidí íocaíochta nó seachadta a fhionraí, de bhun aon chonartha inar páirtí an institiúid nó an-t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1), i gcás ina sásaítear na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
táthar tar éis cinneadh a dhéanamh, faoi phointe (a) d'Airteagal 32(1), go bhfuil ag cliseadh ar an institiúid nó eintiteas nó ar dóigh dóibh cliseadh;
(b)
níl fáil láithreach ar aon bheart de chuid na hearnála príobháidí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 32(1) a choiscfeadh loiceadh na hinstitiúide nó an eintitis;
(c)
meastar gur gá an chumhacht fionraíochta a fheidhmiú d'fhonn nach rachaidh dálaí airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis chun donachta a thuilleadh; agus
(d)
tá feidhmiú na cumhachta fionraí:
(i)
riachtanach chun gur féidir teacht ar an gcinneadh dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 32(1); nó
(ii)
riachtanach chun gur féidir gníomhaíochtaí réitigh iomchuí a roghnú nó chun gur féidir ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí réitigh a chur chun feidhme go héifeachtúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|