|
+Airteagal 45b 4. |
Airteagal 45b 4.Gan dochar don íoscheanglas atá in Airteagal 45c(5) nó pointe (a) d'Airteagal 45d(1)(a), áiritheoidh na húdaráis réitigh go ndéanfaidh eintitis réitigh ar GSIIanna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5)nó (6) iad, cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e is comhionann le 8 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse, a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheadú go bhféadfaidh údaráis réitigh ar GSIIanna iad nó ar eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) iad, leibhéal is ísle ná 8 % d'iomlán na ndliteanas, lena n-áirítear cistí dílse, ach is airde ná an méid is toradh ar chur i bhfeidhm na foirmle (1-X1/X2) x8 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse, a chomhlíonadh lena gcistí dílse féin, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe nó le dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 72b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás ina gcomhlíontar, i bhfianaise an laghdaithe is ceadmhach faoi Airteagal 72b (3) den Rialachán, gur fíor an méid seo a leanas: X1 = 3.5 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
X2 = toradh 18 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus suim an cheanglais mhaoláin chomhcheangailte.
I dtaca le heintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5), más rud é gur ceanglas is airde ná 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca is toradh ar chur i bhfeidhm na chéad fhomhíre den mhír seo, teorannóidh an t-údarás réitigh, i gcás an einteatas réitigh lena mbaineann, an chuid sin den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e, atá le comhlíonadh le húsáid cistí dílse, le hionstraimí incháilithe fo-ordaithe, nó leis na dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo – do mhéid is ionann agus 27 % de mhéid iomlán na neamhchosanta riosca, má mheasann an t-údarás réitigh an méid seo a leanas:
(a)
ní mheastar gur féidir an t-eintiteas réitigh sin sa socrú reitigh a réiteach fiú má thugtar rochtain dó ar an socrú maoinithe réitigh; agus
(b)
san áit nach infheidhme pointe (a), ceadaítear don eintiteas réitigh sin de bhíthin an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45e na ceanglais atá in Airteagal 44(5) nó Airteagal 44(8) a chomhlíonadh, mar is infheidhme. Agus an measúnú dá dtagraítear sa dara fomhír á chur i gcrích, cuirfidh an t-údarás réitigh san áireamh an riosca go mbeidh tionchar díréireach ar shamhail ghnó an eintitis réitigh lena mbaineann. Ní infheidhme an dara fomhír den mhír seo d'eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(6). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|