|
+Airteagal 45b 5. |
Airteagal 45b 5.I gcás eintitis réitigh nach GSIIanna iad ná eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) féadfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh go ndéanfar cuid den cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e nach airde ná 8 % de dhliteanais iomlána an eintitis réitigh, lena n-áirítear cistí dílse, móide an fhoirmle dá dtagraítear i mír 7, a chomhlíonadh trí chistí dílse, ionstraimí incháilithe fo-ordaithe hionstraimí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá an t-aicmiú tosaíochta céanna ag dliteanais neamh-fho-ordaithe san ordlathas dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 agus agus mír 2 den Airteagal seo agus atá ag dliteanais atá eisiata ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó Airteagal 44(3);
(b)
tá riosca ann go dtabhóidh creidiúnaithe éileamh a tháinig as dliteanais neamh-fho-ordaithe nach bhfuil eisiata ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó Airteagal 44(3), go dtabhódh siad caillteanais níos mó ná a thabhódh siad i bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta mar gheall ar chur i bhfeidhm beartaithe cumhachtaí díluachála agus comhshó maidir leis na dliteanais sin.
(c)
ní bheidh méid na gcistí dílse agus na ndliteanas fo-ordaithe eile os cionn an méid is gá chun a áirithiú nach dtabhóidh creidiúnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) caillteanais os cionn leibhéal na gcaillteanas a thabhóidís ina mhalairt de chás i bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh gurb amhlaidh, laistigh d'aicme dliteanas lena gcuimsítear dliteanais incháilithe, gur mó é méid na ndliteanas a bhfuil sé réasúnta dóchúil go n-eisiafar iad ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó Airteagal 44(3), gur mó é ná 10 % den aicme sin, déanfaidh an t-údarás réitigh an riosca dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a mheasúnú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|