+Airteagal 45b 8.

Airteagal 45b 8.

Féadfaidh na húdaráis réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fheidhmiú i dtaca leis na heintitis réitigh ar G-SIIanna iad nó atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6), agus a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a leagtar síos sa dara fomhír den mhír seo, ar choinníoll nach mó líon na n-eintiteas réitigh a shainaithnítear ná 30 % de na heintitis réitigh ar G-SIIanna iad nó atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) agus arb é an t-údarás réitigh a chinneann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e ina leith.

Is iad na coinníollacha a leanas a bhreithneoidh na húdaráis réitigh:

(a) 

táthar tar éis baic ar inréititheacht a shainaithint sa mheasúnú inréiteachta roimhe sin, agus:

(i) 

ní dhearnadh aon ghníomhaíocht feabhais tar éis chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 17(5), san amlíne a éilíonn an t-údarás réitigh, nó

(ii) 

ní féidir aghaidh a thabhairt ar an mbac substaintiúil a sainaithníodh le haon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 17(5), agus dhéanfaí tionchar diúltach na mbaic substainteach ar inréititheacht a chúiteamh go páirteach nó go hiomlán tríd an gcumhacht dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fheidhmiú, nó

(b) 

measann an t-údarás réitigh go bhfuil teorainn le hindéantacht agus le creidiúnacht straitéis réitigh tosaíochta an eintitis réitigh, agus aird á tabhairt ar mhéid agus idirnascacht an eintitis, nádúr, raon feidhme, riosca agus castacht ghníomhaíochtaí an eintitis, stádas dlíthiúil an eintitis agus struchtúr scairshealbhóireachta an eintitis, nó

(c) 

is léiriú é an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE gur G-SII atá san eintiteas réitigh nó go bhfuil sé faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) den Treoir seo, i dtéarmaí riosca, i measc 20 % is airde d'institiúidí arb é an t-údarás réitigh a chinneann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) ina leith den Treoir seo.

Chun críocha na gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, déanfaidh an t-údarás réitigh an uimhir a eascraíonn as an ríomh a shlánú suas go dtí an uimhir iomlán is gaire.

Trí shainiúlachtaí an chórais baincéireachta náisiúnta acu féin a chur san áireamh, lena n-áirítear go háirithe eintitis réitigh ar GSIIanna iad nó atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6) agus arb é an t-údarás náisiúnta réitigh a chinneann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e ina leith, féadfaidh na Ballstáit an céatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shocrú ar leibhéal is airde ná 30 %.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.