|
+Airteagal 45b 9. |
Airteagal 45b 9.Is tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil amháin a ghlacfaidh an t-údarás réitigh na cinnti dá dtagraítear i mír 5 nó i mír 7. Agus na cinntí sin á ndéanamh ag an údarás réitigh, cuirfidh sé san áireamh an méid seo a leanas:
(a)
doimhneacht an mhargaidh atá ann d'ionstraimí cistí an eintitis réitigh agus d'ionstraimí incháilithe fo-ordaithe, praghsáil na n-ionstraimí sin, i gcás inarb ann dóibh, mar aon leis an am a theastaíonn chun idirbhearta a chur i gcrích a bhfuil gá leo chun go mbeifear in ann an cinneadh a chomhlíonadh;
(b)
méid na n-ionstraimí dliteanais incháilithe a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhfuil aibíocht iarmhair acu is giorra ná aon bhliain amháin ón dáta a ndearnadh an cinneadh, d'fhonn go ndéanfaí coigeartuithe cainníochtúla ar na ceanglais dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 7 den Airteagal seo;
(c)
infhaighteacht agus líon na n-ionstraimí a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas pointe (d) d'Airteagal 72b(2) den Rialachán sin;
(d)
an suntasach, le hais dliteanais incháilithe agus cistí dílse an eintitis réitigh, líon na ndliteanas a eisiatar ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó le hAirteagal 44(3) agus a rangaítear, i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ar aon chéim leis na dliteanais incháilithe is airde rangú nó faoina mbun. I gcás nach mó méid na ndliteanas eisiata ná 5 % de mhéid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe de chuid an eintitis réitigh, measfar gur gan suntas an méid a eisiadh. Más airde ná an tairseach sin, déanfaidh na húdaráis réitigh na dliteanais eisiata a mheasúnú;
(e)
samhail ghnó, samhail mhaoinithe, agus próifíl riosca an eintitis réitigh, chomh maith lena chobhsaíocht agus a chumas rannchuidiú leis an ngeilleagar; agus
(f)
an tionchar a bheadh ag costais fhéideartha athstruchtúrúcháin ar athchaipitliú an eintitis réitigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|