|
+Airteagal 45c 2a. |
Airteagal 45c 2a.Ní chinnfidh na húdaráis réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) deintitis leachtaithe. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údarás réitigh measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil bonn cirt leis an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a chinneadh le haghaidh eintiteas leachtaithe ar bhonn aonair ag méid atá níos mó ná an méid atá leordhóthanach chun caillteanais a ionsú i gcomhréir le mír 2, pointe (a), den Airteagal seo. Cuirfidh an t-údarás réitigh san áireamh ina mheasúnú, go háirithe, aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar chobhsaíocht airgeadais agus ar an riosca tógálachta don chóras airgeadais, lena n-áirítear maidir le hacmhainneacht mhaoiniúcháin na scéimeanna ráthaithe taiscí. I gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1), comhlíonfaidh an t-eintiteas leachtaithe an ceanglas sin trí cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a úsáid:
(a)
cistí dílse;
(b)
dliteanais lena gcomhlíontar na critéir incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas Airteagal 72b(2), pointí (b) agus (d), den Rialachán sin;
(c)
na dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 45b(2). Ní bheidh feidhm ag Airteagal 77(2) agus Airteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis leachtaithe nár chinn an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) den Treoir seo ina leith. Maidir le sealúchais ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag fo-institiúidí ar eintitis leachtaithe iad nár chinn an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) ina leith, ní dhéanfar iad a asbhaint faoi Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. De mhaolú ar an gceathrú fomhír, déanfaidh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), nach eintiteas réitigh é nó í féin ach fochuideachta d’eintiteas réitigh nó d’eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mba san Aontas a bheadh sé bunaithe a sealúchais d’ionstraimí cistí dílse i bhfo-institiúidí a asbhaint ar leis an ngrúpa réitigh céanna iad agus ar eintitis leachtaithe iad nár chinn an t-údarás réitigh ina leith an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) i gcás ina bhfuil méid comhiomlán na sealúchas sin cothrom le, nó níos mó ná, 7 % de mhéid iomlán a gcistí dílse agus a ndliteanais lena gcomhlíontar na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 45f(2), a ríomhtar go bliantúil an 31 Nollaig mar mheán thar an 12 mhí roimhe sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|