+Article 45d An t-íoscheanglas a chinneadh maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás eintitis réitigh de chuid G-SIIanna agus fochuideachtaí ábhartha de chuid an Aontais nach G-SIIanna de chuid an Aontais Eorpaigh iad
---+Article 45d 1.
---+Article 45d 2.
---+Article 45d 3.
---+Article 45d 4.
---+Article 45d 5.
|
Article 45d An t-íoscheanglas a chinneadh maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás eintitis réitigh de chuid G-SIIanna agus fochuideachtaí ábhartha de chuid an Aontais nach G-SIIanna de chuid an Aontais Eorpaigh iad
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Article 45d 1.
|
Beidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) d'eintiteas réitigh ar G-SII nó cuid de G-SII é déanta de na nithe seo a leanas:
(a)
na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a agus Airteagal 494 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
(b)
aon cheanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe arna chinneadh ag an údarás réitigh a bhaineann go sonrach maidir leis an eintiteas sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
|
|
Article 45d 2.
|
Is éard a bheidh sa cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1), d'fhochuideachta ábhartha de chuid an Aontais de G-SII neamh-AE/ na nithe seo a leanas:
(a)
na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92b agus Airteagal 494 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
(b)
aon cheanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe arna chinneadh ag an údarás réitigh go sonrach i ndáil leis an bhfochuideachta ábhartha sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus comhlíonfar an ceanglas sin le cistí dílse agus dliteanais a úsáid a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 45f agus Airteagal 89(2).
|
|
Article 45d 3.
|
Ní fhorchuirfidh an t-údarás réitigh ceanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2 ach amháin sa chás seo a leanas:
(a)
i gcás nach leor an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 nó i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo chun na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45c; agus
(b)
go dtí an pointe lena n-áirithítear go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45c.
|
|
Article 45d 4.
|
Chun críocha Airteagal 45h(2), i gcás inar eintitis réitigh nó eintitis tríú tír a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas iad níos mó ná eintiteas G-SII amháin atá mar chuid den G-SII céanna, ríomhfaidh na húdaráis réitigh ábhartha an méid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo:
(a)
le haghaidh gach eintiteas réitigh nó eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mbeadh sé bunaithe san Aontas;
(b)
le haghaidh an mháthairghnóthais de chuid an Aontais amhail gurbh é an t-aon eintiteas réitigh de chuid G-SII é.
|
|
Article 45d 5.
|
I gcinneadh an údaráis réitigh ceanglas breise cistí dílse agus dliteanas incháilithe a fhorchur faoi phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo nó faoi phointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo, beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, agus déanfaidh an t-údarás réitigh athbhreithniú air gan aon mhoill mhíchuí chun aon athruithe ar leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE is infheidhme maidir leis an ngrúpa réitigh nó le fochuideachta ábhartha de chuid an Aontais de G-SII neamh-AE a léiriú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|