+Airteagal 45f Íoscheanglais cistí dílse agus dliteanais eintitis incháilithe nach eintitis réitigh iad féin a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 45f 1.
---+Airteagal 45f 2.
---+Airteagal 45f 2a.
---+Airteagal 45f 2b.
---+Airteagal 45f 3.
---+Airteagal 45f 4.
---+Airteagal 45f 5.

Airteagal 45f Íoscheanglais cistí dílse agus dliteanais eintitis incháilithe nach eintitis réitigh iad féin a chur i bhfeidhm

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 45f 1.
Comhlíonfaidh institiúidí ar fochuideachtaí d'eintiteas réitigh iad nó d'eintiteas tríú tír agus nach eintitis réitigh iad féin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45c ar bhonn aonair.

Féadfaidh údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, a chinneadh an ceanglas a leagtar síos san Airteagal sin a chur i bhfeidhm ar eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b) (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) ar fochuideachta d'eintiteas réitigh é agus nach eintiteas réitigh é féin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh máthairghnóthais de chuid an Aontais nach eintitis réitigh iad féin ach ar fochuideachtaí de chuid eintitis tríú tír iad, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45c go hAirteagal 45d ar bhonn comhdhlúite.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, féadfaidh údarás réitigh a chinneadh an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 45c a chinneadh ar bhonn comhdhlúite i leith fochuideachta dá dtagraítear sa mhír seo i gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh go bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) 

comhlíonann an fhochuideachta ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

tá an fhochuideachta i seilbh dhíreach an eintitis réitigh agus:

— 
is máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais é an t-eintiteas réitigh;
— 
tá an fhochuideachta agus an t-eintiteas réitigh araon bunaithe sa Bhallstát céanna agus is cuid den ghrúpa réitigh céanna iad;
— 
níl aon fho-institiúid ná aon fho-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), i gcás ina bhfuil an t-eintiteas sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach san Airteagal seo nó faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45c, i seilbh dhíreach an eintitis réitigh, seachas an fhochuideachta lena mbaineann;
— 
dhéanfadh na hasbhaintí is gá de bhun Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 difear díréireach don fhochuideachta;
(ii) 

tá an fhochuideachta faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar bhonn comhdhlúite agus ar an mbonn sin amháin agus ní bheadh mar thoradh ar an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45c den Treoir seo a chinneadh ar bhonn comhdhlúite go mbeadh rómheastachán ar riachtanais athchaipitliúcháin, chun críocha Airteagal 45c(1), pointe (b), den Treoir seo, an fhoghrúpa ina bhfuil eintitis laistigh den imlíne comhdhlúthaithe lena mbaineann, go háirithe i gcás ina bhfuil leitheadúlacht eintiteas leachtaithe laistigh den imlíne comhdhlúthaithe chéanna;

(b) 

ní dhéantar, tríd an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45c a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite seachas an ceanglas sin a chomhlíonadh ar bhonn aonair, dochar, ar bhealach ábhartha, daon cheann de na nithe seo a leanas:

(i) 

creidiúnacht agus indéantacht straitéis réitigh an ghrúpa;

(ii) 

acmhainneacht na fochuideachta a ceanglas cistí dílse a chomhlíonadh tar éis na cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú; agus

(iii) 

leordhóthanacht an tsásra aistrithe caillteanais agus athchaipitliúcháin inmheánaigh, lena n-áirítear díluacháil nó comhshó, i gcomhréir le hAirteagal 59, ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanas incháilithe de chuid na fochuideachta lena mbaineann nó de chuid eintitis eile sa ghrúpa réitigh.

I dtaca le grúpaí réitigh arna sainaithint i gcomhréir le pointe (b) de phointe (83b) d'Airteagal 2(1), le hinstitiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach ach nach eintitis réitigh iad féin, comhlacht lárnach nach eintitis réitigh í féin, agus aon eintitis réitigh nach bhfuil faoi réir ceanglais faoi Airteagal 45e(3), comhlíonfaidh siad siúd Airteagal 45c(7) ar bhonn aonair.

Déanfar an ceanglas a leagfar ar eintiteas dá dtagraítear sa mhír seo a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 45h agus Airteagal 89, nuair is infheidhme, agus ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45c.

Airteagal 45f 2.

Déanfar an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) d'eintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh le ceann amháin nó níos mó díobh seo a úsáid:

(a) 

dliteanais

(i) 

arna n-eisiúint don eintiteas réitigh agus arna gceannach ag an eintiteas sin go díreach nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna a cheannaigh na dliteanais ón eintiteas atá faoi réir an Airteagail seo nó arna n-eisiúint do scairshealbhóir, nó arna gceannach aige, atá ann cheana nach bhfuil mar chuid den ghrúpa réitigh céanna chomh fada agus nach ndéantar difear, le feidhmiú na cumhachta díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagail 59 go 62, don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;

(ii) 

a chomhlíonann na critéir incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, cé is moite de phointí (b), (c), (k), (l) agus (m) d'Airteagal 72b(2) agus Airteagal 72b(3) go (5) den Rialachán sin;

(iii) 

a rangaítear, de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, níos ísle ná dliteanais nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (1) agus nach bhfuil incháilithe i dtaca le ceanglais cistí dílse;

(iv) 

atá faoi réir ag an gcumhacht díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagail 59 go hAirteagal 62 ar bhealach atá comhsheasmhach le straitéis réitigh an ghrúpa réitigh, is é sin go háirithe gan difear a dhéanamh don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;

(v) 

nach bhfuil a n-éadáil úinéireachta cistithe go díreach ná go hindíreach ag an eintiteas atá faoi réir an Airteagail seo;

(vi) 

ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha maidir leis na dliteanais go ndéanfadh an t-eintiteas na dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, de réir mar is infheidhme, ag an eintiteas atá faoi réir an Airteagail seo ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú an eintitis sin agus ní thugann an t-eintiteas sin an méid sin le fios ar aon tslí eile;

(vii) 

ní thugann na forálacha maidir leis na dliteanais an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú an eintitis a bheidh faoi réir an Airteagail seo;

(viii) 

ní dhéantar leibhéal an úis nó na n-íocaíochtaí dáileacháin, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite i leith na ndliteanas, a leasú ar bhonn sheasamh creidmheasa an eintitis atá faoi réir an Airteagail seo nó a mháthairghnóthais.

(b) 

cistí dílse

(i) 

caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, agus

(ii) 

ionstraimí cistí dílse eile:

— 
arna n-eisiúint d'eintitis, agus arna gceannach acu, ar eintitis iad a chuimsítear sa ghrúpa réitigh céanna, nó
— 
arna n-eisiúint d'eintitis, agus arna gceannach acu, ar eintitis iad nach gcuimsítear sa ghrúpa réitigh céanna, iad chomh fada agus nach ndéantar difear, le feidhmiú na cumhachta díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagail 59 go 62, difear don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta.
Airteagal 45f 2a.

I gcás ina gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear i mír 1 an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) ar bhonn comhdhlúite, áireofar i méid chistí dílse agus dhliteanais incháilithe an eintitis sin na dliteanais seo a leanas arna n-eisiúint i gcomhréir le mír 2, pointe (a), den Airteagal seo ag fochuideachta atá bunaithe san Aontas a áirítear i gcomhdhlúthú an eintitis sin:

(a) 

dliteanais arna n-eisiúint don eintiteas réitigh agus arna gceannach ag an eintiteas sin, go díreach, nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna nach n-áirítear i gcomhdhlúthú an eintitis a chomhlíonann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) ar bhonn comhdhlúite;

(b) 

dliteanais arna n-eisiúint do scairshealbhóir atá ann cheana nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é.

Airteagal 45f 2b.

Na dliteanais dá dtagraítear i mír 2a, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, ní bheidh siad níos mó ná an méid a chinnfear trí shuim na nithe uile seo a leanas a bhaint ó mhéid an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45(1) is infheidhme maidir leis an bhfochuideachta a áirítear sa chomhdhlúthú:

(a) 

na dliteanais arna n-eisiúint don eintiteas agus arna gceannach ag an eintiteas a chomhlíonann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) ar bhonn comhdhlúite, go díreach, nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna a áirítear i gcomhdhlúthú an eintitis sin;

(b) 

an méid cistí dílse a eisítear i gcomhréir le mír 2, pointe (b), den Airteagal seo.

Airteagal 45f 3.

Féadfaidh údarás réitigh fochuideachta nach eintiteas réitigh é cur i bhfeidhm an Airteagail seo ar an bhfochuideachta a tharscaoileadh i gcás:

(a) 

ina bhfuil an fhochuideachta agus an t-eintiteas réitigh bunaithe sa Bhallstát céanna agus gur cuid den aon ghrúpa réitigh amháin iad;

(b) 

ina gcomhlíonann an t-eintiteas réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45e;

(c) 

nach ann do bhac ábhartha praiticiúil nó dlíthiúil, ná bac intuartha, ar an eintiteas réitigh cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras leis an bhfochuideachta i dtaca lena ndearnadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 59(3), go háirithe nuair a dhéantar gníomh réitigh i dtaca leis an eintiteas réitigh;

(d) 

ina sásaíonn an t-eintiteas réitigh an t-údarás inniúil maidir le bainistíocht stuama na fochuideachta agus tá sé fógartha aige, le toiliú an údaráis inniúil, go ráthaíonn sé na gealltanais arna ndéanamh ag an bhfochuideachta, nó nach mbaineann tábhacht ar bith leis na rioscaí san fhochuideachta;

(e) 

cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhas agus meastóireachta riosca eintitis réitigh na fochuideachta freisin;

(f) 

tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal na fochuideachta i seilbh an eintitis réitigh nó tá sé de cheart ag an eintiteas réitigh formhór comhaltaí chomhlacht bainistíochta na fochuideachta a cheapadh nó a chur as oifig;

Airteagal 45f 4.

Féadfaidh údarás réitigh fochuideachta nach eintiteas réitigh é cur i bhfeidhm an Airteagail seo ar an bhfochuideachta a tharscaoileadh freisin, i gcás:

(a) 

ina bhfuil an fhochuideachta agus a máthairghnóthas bunaithe san aon Bhallstát amháin agus gur cuid den aon ghrúpa réitigh amháin iad;

(b) 

ina gcomhlíonann an máthairghnóthas ar bhonn comhdhlúite fochuideachta, leis an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) sa Bhallstát sin;

(c) 

nach ann do bhac ábhartha praiticiúil nó dlíthiúil, ná bac intuartha, ar an máthairghnóthas cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras leis an bhfochuideachta i dtaca lena ndearnadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 59(3), go háirithe nuair a dhéantar gníomh réitigh nó cumhacht dá dtagraítear in Airteagal 59(1) i dtaca leis an máthairghnóthas;

(d) 

ina sásaíonn an máthairghnóthas an t-údarás inniúil maidir le bainistíocht stuama na fochuideachta agus tá sé fógartha aige, le toiliú an údaráis inniúil, go ráthaíonn sé na gealltanais arna ndéanamh ag an bhfochuideachta, nó nach mbaineann tábhacht ar bith leis na rioscaí san fhochuideachta;

(e) 

cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca an mháthairghnóthais an fhochuideachta freisin;

(f) 

tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal na fochuideachta i seilbh an mháthairghnóthais nó tá sé de cheart ag an eintiteas réitigh formhór comhaltaí chomhlacht bainistíochta na fochuideachta a cheapadh nó a chur as oifig.

Airteagal 45f 5.

I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) de mhír 3, féadfaidh údarás réitigh na fochuideachta a cheadú dá dtagraítear in Airteagal(1) go sásófar an ceanglas go hiomlán nó go páirteach trí ráthaíocht a fháil ón eintiteas réitigh a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

cuirtear an ráthaíocht ar fáil maidir leis an méid atá coibhéiseach le méid an cheanglais a dtéann sé ina ionad;

(b) 

déantar an ráthaíocht a thionscnamh nuair nach bhfuil sé ar chumas na fochuideachta a fiacha nó dliteanais eile a ghlanadh nuair a bheidh siad dlite nó nuair a dhéantar cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 59(3) i dtaca le fochuideachta, cibé acu is túisce a tharlóidh;

(c) 

déantar an ráthaíocht a comhthaobhú le socrú airgeadais comhthaobhach mar a shainítear i bpointe (a) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE ar 50 % dá méid ar a laghad;

(d) 

comhlíonann an chomhthaobhacht lena dtacaítear an ráthaíocht ceanglais Airteagal 197 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus is leordhóthanach é, agus caolchorrlaigh atá coimeádach go hiomchuí curtha i bhfeidhm, chun an méid a rathaítear, dá dtagraítear i bpointe (c), a chumhdach go hiomlán;

(e) 

tá an chomhthaobhacht lena dtacaítear leis an ráthaíocht neamhualaithe agus ní úsáidtear go háirithe í chun tacú le haon ráthaíocht eile;

(f) 

tá aibíocht éifeachtach ag an gcomhthaobhacht a chomhlíonann an coinníoll aibíochta céanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

(g) 

níl aon bhacainní dlíthiúla, rialála nó oibríochtúla ar aistriú na comhthaobhachta ón eintiteas réitigh chuig an bhfochuideachta ábhartha, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar an gníomh réitigh i dtaca leis an eintiteas réitigh.

Chun críocha phointe (g) den chéad fhomhír, arna iarraidh sin don údarás réitigh, soláthróidh an t-eintiteas réitigh tuairim dhlíthiúil neamhspleách, réasúnaithe i scríbhinn uaidh nó léireoidh sé go sásúil ar shlí eile nach ann d'aon bhacainní rialála ná oibríochtúla ar chomhthaobhacht a aistriú ón eintiteas réitigh chuig an bhfochuideachta ábhartha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.