|
+Airteagal 45f 1. |
Airteagal 45f 1.Comhlíonfaidh institiúidí ar fochuideachtaí d'eintiteas réitigh iad nó d'eintiteas tríú tír agus nach eintitis réitigh iad féin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45c ar bhonn aonair. Féadfaidh údarás réitigh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, a chinneadh an ceanglas a leagtar síos san Airteagal sin a chur i bhfeidhm ar eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b) (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) ar fochuideachta d'eintiteas réitigh é agus nach eintiteas réitigh é féin. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh máthairghnóthais de chuid an Aontais nach eintitis réitigh iad féin ach ar fochuideachtaí de chuid eintitis tríú tír iad, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45c go hAirteagal 45d ar bhonn comhdhlúite. De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, féadfaidh údarás réitigh a chinneadh an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 45c a chinneadh ar bhonn comhdhlúite i leith fochuideachta dá dtagraítear sa mhír seo i gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh go bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:
(a)
comhlíonann an fhochuideachta ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
tá an fhochuideachta i seilbh dhíreach an eintitis réitigh agus:
—
is máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais é an t-eintiteas réitigh;
—
tá an fhochuideachta agus an t-eintiteas réitigh araon bunaithe sa Bhallstát céanna agus is cuid den ghrúpa réitigh céanna iad;
—
níl aon fho-institiúid ná aon fho-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), i gcás ina bhfuil an t-eintiteas sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach san Airteagal seo nó faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45c, i seilbh dhíreach an eintitis réitigh, seachas an fhochuideachta lena mbaineann;
—
dhéanfadh na hasbhaintí is gá de bhun Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 difear díréireach don fhochuideachta;
(ii)
tá an fhochuideachta faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar bhonn comhdhlúite agus ar an mbonn sin amháin agus ní bheadh mar thoradh ar an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45c den Treoir seo a chinneadh ar bhonn comhdhlúite go mbeadh rómheastachán ar riachtanais athchaipitliúcháin, chun críocha Airteagal 45c(1), pointe (b), den Treoir seo, an fhoghrúpa ina bhfuil eintitis laistigh den imlíne comhdhlúthaithe lena mbaineann, go háirithe i gcás ina bhfuil leitheadúlacht eintiteas leachtaithe laistigh den imlíne comhdhlúthaithe chéanna;
(b)
ní dhéantar, tríd an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45c a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite seachas an ceanglas sin a chomhlíonadh ar bhonn aonair, dochar, ar bhealach ábhartha, daon cheann de na nithe seo a leanas:
(i)
creidiúnacht agus indéantacht straitéis réitigh an ghrúpa;
(ii)
acmhainneacht na fochuideachta a ceanglas cistí dílse a chomhlíonadh tar éis na cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú; agus
(iii)
leordhóthanacht an tsásra aistrithe caillteanais agus athchaipitliúcháin inmheánaigh, lena n-áirítear díluacháil nó comhshó, i gcomhréir le hAirteagal 59, ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanas incháilithe de chuid na fochuideachta lena mbaineann nó de chuid eintitis eile sa ghrúpa réitigh. I dtaca le grúpaí réitigh arna sainaithint i gcomhréir le pointe (b) de phointe (83b) d'Airteagal 2(1), le hinstitiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach ach nach eintitis réitigh iad féin, comhlacht lárnach nach eintitis réitigh í féin, agus aon eintitis réitigh nach bhfuil faoi réir ceanglais faoi Airteagal 45e(3), comhlíonfaidh siad siúd Airteagal 45c(7) ar bhonn aonair. Déanfar an ceanglas a leagfar ar eintiteas dá dtagraítear sa mhír seo a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 45h agus Airteagal 89, nuair is infheidhme, agus ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 45c. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|