|
+Airteagal 45h 1. |
Airteagal 45h 1.Údarás réitigh an eintitis réitigh, an t-údarás réitigh ar leibhéal an ghrúpa, i gcás nach ionann é agus údarás réitigh an eintitis réitigh, agus na húdaráis réitigh atá freagrach as fochuideachtaí grúpa réitigh atá faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45f ar bhonn aonair, déanfaidh siad sin gach dá bhfuil ar a gcumas chun teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir le:
(a)
méid an cheanglais atá le cur i bhfeidhm ar leibhéal an ghrúpa chomhdhlúite réitigh maidir le gach eintiteas réitigh; agus
(b)
méid an cheanglais arna chur i bhfeidhm ar bhonn aonair maidir le gach eintiteas de chuid grúpa réitigh nach eintiteas réitigh é. Áiritheofar leis an gcinneadh comhpháirteach go mbeidh comhlíonadh Airteagal 45e agus 45f lánréasúnaithe agus:
(a)
go gcuirfidh an t-údarás réitigh ar fáil don údarás réitigh é;
(b)
go gcuirfidh údaráis réitigh na n-eintiteas sin nach eintitis réitigh iad féin ach ar cuid de ghrúpa réitigh iad an cinneadh réamhráite ar fáil dóibh;
(c)
go gcuirfidh údarás réitigh an eintitis réitigh ar fáil do mháthairghnóthas Aontais an ghrúpa é, nuair nach eintiteas réitigh sa ghrúpa réitigh céanna an máthairghnóthas an Aontais féin. Féadfar a fhoráil sa chinneadh comhpháirteach arna ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, ach sin a bheith ag teacht leis an straitéis réitigh agus a fhad is nár cheannaigh an t-eintiteas réitigh go díreach nó go hindíreach leordhóthain ionstraimí i gcomhréir le hAirteagal 45f(2), go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45c(7) comhlíonta go páirteach ag an bhfochuideachta i gcomhréir le hAirteagal 45f(2) le hionstraimí arna n-eisiúint do na heintitis nach mbaineann leis an ngrúpa réitigh agus á gceannach acu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|