|
+Airteagal 45i 5. |
Airteagal 45i 5.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú a shonrú, mar aon leis na treoracha agus an mhodheolaíocht chun na teimpléid a úsáid, minicíocht agus dátaí an tuairiscithe, na sainmhínithe agus na réitigh teicneolaíochta faisnéise maidir leis an tuairisciú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, sonrófar bealach caighdeánaithe chun faisnéis maidir le rangú ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 is infheidhme in imeachtaí náisiúnta dócmhainneachta i ngach Ballstát. I gcás institiúidí nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b),(c ) agus (d) d'Airteagal 1(1) den Treoir seo atá faoi réir Airteagal 92a agus Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, i gcás inarb iomchuí, ailínithe leis na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 430 den Rialachán sin. Cuirfidh ÚBE na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|