+Airteagal 45l Tuarascálacha
---+Airteagal 45l 1.
---+Airteagal 45l 2.
---+Airteagal 45l 3.
|
Airteagal 45l Tuarascálacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45l 1.
|
Cuirfidh ÚBE, i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiún go bliantúil ina soláthrófar measúnuithe ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
an chaoi inar cuireadh chun feidhme, ar an leibhéal náisiúnta, an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 45e nó Airteagal 45f agus, go háirithe, féachaint an raibh dibhéirseachtaí sna leibhéil a leagadh síos d'eintitis inchomparáide sna Ballstáit;
(b)
an chaoi inar fheidhmigh údaráis réitigh an chumhacht dá dtagraítear in Airteagal 45b(4), (5) agus (7) agus féachaint an raibh dibhéirseachtaí i bhfeidhmiú na cumhachta sin sna Ballstáit;
(c)
leibhéal comhiomlán agus comhdhéanamh chistí dílse agus dhliteanais incháilithe na n-institiúidí agus na n-eintiteas, líon na n-ionstraimí a eisíodh le linn na tréimhse, agus na méideanna breise is gá chun na ceanglais is infheidhme a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 45l 2.
|
Le cois na tuarascála bliantúla dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh ÚBE, gach trí bliana, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar na nithe seo a leanas:
(a)
tionchar an íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, agus aon leibhéil chomhchuibhithe den íoscheanglas sin atá beartaithe, ar na nithe seo a leanas:
(i)
margaí airgeadais go ginearálta agus margaí i gcomhair fiacha neamhurraithe agus díorthach go háirithe;
(ii)
samhlacha gnó agus struchtúir cláir chomhardaithe institiúidí, go háirithe a bpróifíl chistiúcháin agus a straitéis chistiúcháin, agus an struchtúr dlíthiúil agus oibríochtúil grúpaí;
(iii)
brabúsacht institiúidí, go háirithe an costas a bhaineann lena gcistiú;
(iv)
imirce neamhchosaintí chuig eintitis nach bhfuil faoi réir maoirseacht stuamachta;
(vi)
leitheadúlacht ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí incháilithe fo-ordaithe, mar aon le cineál agus indíoltacht na n-ionstraimí sin.
(vii)
iompar glactha riosca institiúidí nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) agus (d) d'Airteagal 1(1);
(viii)
leibhéal ualaithe sócmhainní institiúidí nó eintiteas dá dtagraítear in i bpointí (b), (c ) agus (d) d'Airteagal 1(1);
(ix)
na gníomhartha a dhéanann institiúidí nó eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) agus (d) d'Airteagal 1(1)chun na híoscheanglais a chomhlíonadh agus, go háirithe, an méid a comhlíonadh na híoscheanglais trí shócmhainní a dhíluamhánú, fiacha fadtéarmacha a eisiúint agus caipiteal a chruinniú; agus
(x)
leibhéal iasachtaithe ag institiúidí creidmheasa, agus fócas faoi leith ar iasachtú le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, údaráis áitiúla, rialtais réigiúnacha agus eintitis earnála poiblí agus ar mhaoiniú trádála, lena n-áirítear iasachtú faoi scéimeanna oifigiúla árachais creidmheasa onnmhairiúcháin;
(b)
idirghníomhaíocht na n-íoscheanglas leis na ceanglais cistí dílse, leis an gcoibhneas luamhánaithe agus leis na ceanglais leachtachta a leagtar síos i Rialachán Uimh. 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE;
(c)
acmhainneacht na n-institiúidí nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c ) agus (d) d'Airteagal 1(1) caipiteal nó cistiú a thógáil ar na margaí chun aon íoscheanglais chomhchuibhithe atá beartaithe a chomhlíonadh;
|
|
Airteagal 45l 3.
|
Tíolacfarr an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 don Choimisiún faoin 30 Meán Fómhair sa bhliain féilire tar éis na bliana deireanaí a chumhdófar sa tuarascáil. Cuirfear an chéad tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná … [30 Meán Fómhair na bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 trí bliana féilire agus déanfar í a thíolacadh don Choimisiún faoin 31 Nollaig na bliana féilire tar éis na bliana deireanaí a chumhdófar sa tuarascáil. Cuirfear an chéad tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2022.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|