|
+Airteagal 45l 1. |
Airteagal 45l 1.Cuirfidh ÚBE, i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiún go bliantúil ina soláthrófar measúnuithe ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
an chaoi inar cuireadh chun feidhme, ar an leibhéal náisiúnta, an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 45e nó Airteagal 45f agus, go háirithe, féachaint an raibh dibhéirseachtaí sna leibhéil a leagadh síos d'eintitis inchomparáide sna Ballstáit;
(b)
an chaoi inar fheidhmigh údaráis réitigh an chumhacht dá dtagraítear in Airteagal 45b(4), (5) agus (7) agus féachaint an raibh dibhéirseachtaí i bhfeidhmiú na cumhachta sin sna Ballstáit;
(c)
leibhéal comhiomlán agus comhdhéanamh chistí dílse agus dhliteanais incháilithe na n-institiúidí agus na n-eintiteas, líon na n-ionstraimí a eisíodh le linn na tréimhse, agus na méideanna breise is gá chun na ceanglais is infheidhme a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|