+Airteagal 55 Fortharrtháil chonarthach a aithint
---+Airteagal 55 1.
---+Airteagal 55 2.
---+Airteagal 55 3.
---+Airteagal 55 4.
---+Airteagal 55 5.
---+Airteagal 55 6.
---+Airteagal 55 7.
---+Airteagal 55 8.
|
Airteagal 55 Fortharrtháil chonarthach a aithint
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 55 1.
|
Cuirfidh na Ballstáit de cheanglas ar institiúidí agus eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) téarma conarthach a chur san áireamh trína n-aithneoidh an creidiúnaí nó an páirtí sa chomhaontú nó san ionstraim lena gcruthaítear an dliteanas go bhféadfaidh an dliteanas sin a bheith faoi réir na gcumhachtaí díluachála agus comhshó agus go dtoileoidh sé a bheith faoi réir aon laghdú ar an bpríomhshuim nó aon mhéid gan íoc atá dlite, aon chomhshó nó cealú a bhfuil tionchar ag feidhmiú na gcumhachtaí sin orthu ag údarás réitigh, ar choinníoll go gcomhlíonann an dliteanas sin na coinníollacha seo uile a leanas:
(a)
ní eiseofar an dliteanas faoi Airteagal 44(2);
(b)
ní taisce í an dliteanas dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 108;
(c)
rialófar an dliteanas faoi dhlí tríú tír;
(d)
eiseofar an dliteanas nó téitear ina bhun tar éis an dáta a chuireann Ballstát na forálacha i bhfeidhm arna nglacadh chun an Roinn sin a thrasuí.
Féadfaidh údaráis réitigh a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid sa chéad fhomhír de mhír 1 i ndáil le hinstitiúidí ná eintitis i gcás ina bhfuil an méid ionsúcháin caillteanais, mar a shainmhínítear faoi phointe (a) d'Airteagal 45c(2), cothrom leis an gceanglas faoi Airteagal 45(1) ina leith, ar choinníoll nach n-áirítear ionsair an cheanglais sin dliteanais a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír agus ar dliteanais iad nach gcuimsíonn an téarma conarthach dá dtagraítear san fhomhír sin. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina gcinneann údarás réitigh Ballstáit gur féidir le húdarás réitigh Ballstáit na dliteanais nó na hionstraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith faoi réir dhíluacháil nó chomhshó de bhun dlí tríú tír nó de bhun comhaontú ceangailteach arna thabhairt i gcrích leis an tríú tír sin.
|
|
Airteagal 55 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcineann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), c) nó (d) d'Airteagal 1(1) go bhfuil sé dofheidhmithe, ó thaobh an dlí nó eile de, téarma a chur isteach i bhforálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha ar téarma é a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh institiúid nó eintiteas den sórt sin fógra faoina gcinneadh don údarás réitigh, ina n-áireofar ainmniú aicme an dliteanais agus an réasúnú faoi deara an chinnidh sin. Soláthróidh an institiúid nó an t-eintiteas an fhaisnéis go léir don údarás réitigh a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a iarraidh laistigh de thréimhse réasúnta tar éis an fógra a fháil, d'fhonn éifeacht fógra den sórt sin ar inréiteacht na hinstitiúide nó an eintitis sin a mheasúnú ag an eintiteas réitigh. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás fógra a fháil faoin gcéad fhomhír den mhír seo, go gcuirfear ar fionraí go huathoibríoch tráth a fhaigheann an t-údarás réitigh an fógra an oibleagáid téarma a áireamh a cheanglaítear sna forálacha conarthacha i gcomhréir le mír 1. I gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh nach bhfuil sé dofheidhmithe, ó thaobh an dlí nó eile de, téarma a chur isteach i bhforálacha conarthacha a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1, ag cur san áireamh an gá atá le hinréiteacht na hinstitiúide nó an eintitis a áirithiú, ceanglófar, laistigh de thréimhse réasúnta tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre, go n-áiritheofar téarma conarthach den sórt sin. Anuas air sin, féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas a gcuid cleachtas maidir le cur i bhfeidhm na díolúine ó aitheantas conarthach a thabhairt don fhortharrtháil. Ní áireofar sna dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Leibhéal 2, na hionstraimí fiachais dá dtagraítear i bpointe (48)(ii) d'Airteagal 2(1), i gcás inar dliteanais neamhurraithe iad. Ina theannta sin, na dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, beidh rangú sinsearachta acu ar na dliteanais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 108(2) agus in Airteagal 108(3). I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar inréititheacht institiúide nó eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16, nó tráth ar bith eile, gurb amhlaidh laistigh d'aicme dliteanas lena gcuimsítear dliteanais incháilithe, gur mó líon na ndliteanas sin, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, nach gcuimsítear leo an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1, mar aon leis na dliteanais atá eisiata ó chur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó ar dócha go n-eiseofar iad i gcomhréir le hAirteagal 44(3), gur mó é ná 10 % den aicme sin, déanfaidh sé measúnú láithreach ar thionchar an fhíorais áirithe sin ar inréititheacht na hinstitiúide nó an eintitis sin, lena n-áirítear an tionchar ar an inréititheacht a eascraíonn as an riosca a bheith ann nuair a sháraítear coimircí an chreidiúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 73 agus na cumhacht díluachála agus comhshó á gcur i bhfeidhm acu. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chúigiú fomhír den mhír seo, i dtaobh na dliteanas, nach gcuimsítear leo, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1, go gcruthaíonn siad bac substaintiúil ar inréititheacht, cuirfidh sé i bhfeidhm na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 17 mar is iomchuí chun fáil réidh leis an mbac sin ar an inréititheacht. I gcás ina mainníonn an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b),(c) nó (d) d'Airteagal 1(1) an téarma a cheanglaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo a áirithint sna forálacha conarthacha i leith dliteanas nó, i gcás nach bhfuil feidhm ag an gceangal sin i gcomhréir leis an mír seo, ní chuirfear na dliteanais sin san áireamh i gcomhair an íoscheanglais do chistí dílse ná do dhliteanais incháilithe.
|
|
Airteagal 55 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh ceanglas a chur ar institiúidí agus eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) tuairim dhlíthiúil a chur ar fáil do na húdaráis maidir le hinfhorghníomhaíocht dhlíthiúil agus éifeachtacht an téarma chonarthaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 55 4.
|
I gcás nch ndéanann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) téarma conarthach a chur sna forálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní chuirfidh sé sin cosc ar an údarás réitigh a chumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú i dtaca leis an dliteanas sin.
|
|
Airteagal 55 5.
|
Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála chun an liosta dliteanas lena mbaineann an t-eisiamh i mír 1agus inneachar an téarma chonarthaigh dá gceanglaítear sa mhír sin a chinneadh a thuilleadh, agus samhlacha gnó difriúla institiúidí á gcur san áireamh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 55 6.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú tuilleadh:
(a)
na coinníollacha ina mbeadh sé dofheidhmithe, ó thaobh an dlí nó eile de, d'institiúid nó d'eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a áireamh i gcatagóirí áirithe dliteanas
(b)
na coinníollacha don údarás réitigh a cheangal go n-áireofar an téarma conarthach de bhun an tríú fomhír de mhír 2.
(c)
tréimhse réasúnta don údarás réitigh a cheangal go n-áireofar téarma conarthach de bhun an tríú fomhír de mhír 2.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 55 7.
|
Sonróidh an t-údarás réitigh, má mheasann sé gur gá, catagóirí na ndliteanas ar féidir le hinstitiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) a chinneadh ina leith go bhfuil sé dofheidhmithe, ó thaobh an dlí nó eile de, an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, bunaithe ar na coinníollacha a shonraítear tuilleadh de bharr mír 6 a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 55 8.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáidí agus teimpléid aonfhoirmeacha a shonrú le haghaidh sainaithint agus traschur faisnéise ag údaráis réitigh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, chuig ÚBE chun críocha mhír 1. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|