+Airteagal 55 2.

Airteagal 55 2.

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcineann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b), c) nó (d) d'Airteagal 1(1) go bhfuil sé dofheidhmithe, ó thaobh an dlí nó eile de, téarma a chur isteach i bhforálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha ar téarma é a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh institiúid nó eintiteas den sórt sin fógra faoina gcinneadh don údarás réitigh, ina n-áireofar ainmniú aicme an dliteanais agus an réasúnú faoi deara an chinnidh sin. Soláthróidh an institiúid nó an t-eintiteas an fhaisnéis go léir don údarás réitigh a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a iarraidh laistigh de thréimhse réasúnta tar éis an fógra a fháil, d'fhonn éifeacht fógra den sórt sin ar inréiteacht na hinstitiúide nó an eintitis sin a mheasúnú ag an eintiteas réitigh.

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás fógra a fháil faoin gcéad fhomhír den mhír seo, go gcuirfear ar fionraí go huathoibríoch tráth a fhaigheann an t-údarás réitigh an fógra an oibleagáid téarma a áireamh a cheanglaítear sna forálacha conarthacha i gcomhréir le mír 1.

I gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh nach bhfuil sé dofheidhmithe, ó thaobh an dlí nó eile de, téarma a chur isteach i bhforálacha conarthacha a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1, ag cur san áireamh an gá atá le hinréiteacht na hinstitiúide nó an eintitis a áirithiú, ceanglófar, laistigh de thréimhse réasúnta tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre, go n-áiritheofar téarma conarthach den sórt sin. Anuas air sin, féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas a gcuid cleachtas maidir le cur i bhfeidhm na díolúine ó aitheantas conarthach a thabhairt don fhortharrtháil.

Ní áireofar sna dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Leibhéal 2, na hionstraimí fiachais dá dtagraítear i bpointe (48)(ii) d'Airteagal 2(1), i gcás inar dliteanais neamhurraithe iad. Ina theannta sin, na dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, beidh rangú sinsearachta acu ar na dliteanais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 108(2) agus in Airteagal 108(3).

I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar inréititheacht institiúide nó eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16, nó tráth ar bith eile, gurb amhlaidh laistigh d'aicme dliteanas lena gcuimsítear dliteanais incháilithe, gur mó líon na ndliteanas sin, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, nach gcuimsítear leo an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1, mar aon leis na dliteanais atá eisiata ó chur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó ar dócha go n-eiseofar iad i gcomhréir le hAirteagal 44(3), gur mó é ná 10 % den aicme sin, déanfaidh sé measúnú láithreach ar thionchar an fhíorais áirithe sin ar inréititheacht na hinstitiúide nó an eintitis sin, lena n-áirítear an tionchar ar an inréititheacht a eascraíonn as an riosca a bheith ann nuair a sháraítear coimircí an chreidiúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 73 agus na cumhacht díluachála agus comhshó á gcur i bhfeidhm acu.

I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chúigiú fomhír den mhír seo, i dtaobh na dliteanas, nach gcuimsítear leo, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1, go gcruthaíonn siad bac substaintiúil ar inréititheacht, cuirfidh sé i bhfeidhm na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 17 mar is iomchuí chun fáil réidh leis an mbac sin ar an inréititheacht.

I gcás ina mainníonn an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (b),(c) nó (d) d'Airteagal 1(1) an téarma a cheanglaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo a áirithint sna forálacha conarthacha i leith dliteanas nó, i gcás nach bhfuil feidhm ag an gceangal sin i gcomhréir leis an mír seo, ní chuirfear na dliteanais sin san áireamh i gcomhair an íoscheanglais do chistí dílse ná do dhliteanais incháilithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.