+Airteagal 71a Aitheantas conarthach a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh
---+Airteagal 71a 1.
---+Airteagal 71a 2.
---+Airteagal 71a 3.
---+Airteagal 71a 4.
---+Airteagal 71a 5.
|
Airteagal 71a Aitheantas conarthach a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 71a 1.
|
Ceanglóidh Ballstáit ar institiúidí agus ar eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1(1) téarma a áireamh in aon chonradh airgeadais a dhéanfaidh siad agus atá faoi rialú dlíthe tríú tír, ar téarmaí iad lena n-aithníonn na páirtithe go bhféadfadh an conradh airgeadais a bheith faoi réir feidhmiú cumhachtaí an údaráis réitigh cearta agus oibleagáidí a chur ar fionraí nó a shrianadh de réir Airteagal 33a, Airteagal 69, Airteagal 70 agus Airteagal 71 agus go bhfuil siad faoi cheangal cheanglais Airteagal 68.
|
|
Airteagal 71a 2.
|
D'fhéadfadh Ballstáit a cheangal chomh maith go n-áiritheoidh máthairghnóthais Aontais dá dtagraítear i mír 1 go n-áireoidh a gcuid fochuideachtaí i dtríú tír, téarmaí ina gcuid conarthaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, ar téarmaí iad lena n-eisiafar gur forais bhailí le haghaidh luathfhoirceanta, fionraíochta, modhnaithe, glanluachála, feidhmiú cearta fritháirimh, nó forghníomhú leasanna urrúis i ndáil leis na conarthaí sin feidhmiú chumhacht an údaráis réitigh cearta agus oibleagáidí máthairghnóthais de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a shrianadh. D'fhéadfadh feidhm a bheith ag an gceanglas sa chéad fhomhír maidir le fochuideachtaí i dtríú tír arb iad:
(b)
gnólachtaí infheistíochta (nó a bheadh ina ghnólachtaí infheistíochta dá mba rud é go raibh a gceannoifig sa Bhallstát ábhartha); nó
|
|
Airteagal 71a 3.
|
Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon chonradh airgeadais:
(a)
is conradh a chruthaíonn oibleagáid nua nó a leasaíonn go suntasach oibleagáid atá ann cheana tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta chun an tAirteagal seo a thrasuí;
(b)
is conradh lena bhforáiltear d'fheidhmiú ceart foirceanta amháin nó níos mó, nó d'fheidhmiú cearta chun leasanna urrúis a fhorfheidhmiú a mbeadh feidhm ag Airteagal 33a, Airteagal 68, Airteagal 69, Airteagal 70 nó Airteagal 71 ina leith dá mbeadh an conradh airgeadais á rialú ag dlíthe Ballstáit.
|
|
Airteagal 71a 4.
|
I gcás nach ndéanann institiúid nó eintiteas an téarma conarthach a chur san áireamh a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní chuirfidh an méid sin cosc ar an údarás réitigh na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 33a, Airteagal 68, Airteagal 69, Airteagal 70 nó Airteagal 71 a chur i bhfeidhm i ndáil leis an gconradh airgeadais sin.
|
|
Airteagal 71a 5.
|
Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála chun inneachar an téarma chonarthaigh dá gceanglaítear i mír 1 a chinneadh a thuilleadh, agus samhlacha gnó difriúla institiúidí agus eintiteas á gcur san áireamh. Cuirfidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0059
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|