►M9
Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi raon feidhme Threoir 2002/87/CE, Threoir 2008/48/CE (
1
), Threoir 2009/110/CE, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (
2
), Threoir 2013/36/AE (
3
), Threoir 2014/49/AE (
4
), Threoir 2014/92/AE (
5
), Threoir (AE) 2015/2366 (
6
) agus Rialachán (AE) 2023/1114 (
7
) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais agus maidir leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás. Gníomhóidh an tÚdarás freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (
8
).
◄